European Economic
and Social Committee
Breadcrumb
- Home
- Current: Jean-Dominique Giuliani: is caoithiúil an t-am é 2022 le haghaidh téarnamh gníomhach
Jean-Dominique Giuliani: is caoithiúil an t-am é 2022 le haghaidh téarnamh gníomhach
Jean-Dominique Giuliani: is caoithiúil an t-am é 2022 le haghaidh téarnamh gníomhach
Le gach géarchéim dá dtagann, éiríonn leis an Aontas Eorpach tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh. Ina fheachtas in éadan an víris, bhí sé in ann gníomhú i réimse na sláinte agus ar an leibhéal eacnamaíoch araon. Is fada an lá ó baineadh amach torthaí chomh nithiúil sin agus na Ballstáit ag gníomhú i gcomhar le chéile. Tá vacsaíní ann anois agus bíonn siad á n-onnmhairiú chuig tíortha nach Ballstáit AE iad a bhfuil gá acu leo freisin. An tacaíocht ollmhór a tugadh don gheilleagar, tá a thoradh sin le sonrú anois agus tá athmhachnamh á dhéanamh ar rialachas eacnamaíoch an Aontais dá bharr. Tá sé léirithe arís eile ag an mBanc Ceannais Eorpach an chaoi arb é sciath chosanta na nEorpach é agus scagchuarda airgeadais atá faoi bhrú á n-athshlánú aige.
Ní mór don Aontas cur leis an bhfreagrúlacht sin i dtreo is go leanfaidh sé de bheith ag athrú ó bhonn.
Tá dhá mhórdhúshlán le sárú aige, ar dúshláin bhunriachtanacha iad fiú amháin: rathúnas agus slándáil an Aontais. Ní mór dó rialacha a ghlacadh maidir le feidhmiú a gheilleagair, a chuirfidh ar a chumas dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le claochlú digiteach agus comhshaoil. Is féidir leis leas a bhaint as acmhainní suntasacha trí úsáid na margaí a chomhthiomsú chun infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí. Níor cheart eagla a bheith air go mbeadh fiachas coiteann ann más de thoradh infheistíochta é, ós slí é sin chun bogadh i dtreo geilleagar nua. Níor mhoill air a chuid riachtanas a shainaithint; ní foláir dó toiliú anois le hathbhreithniú a dhéanamh ar a phrionsabail maidir le rialachas eacnamaíoch.
Tá slándáil an Aontais i mbaol de dheasca bagairtí ó chumhachtaí athbhreithnitheacha ag a theorainneacha, cumhachtaí nach bhfuil in ann dul in iomaíocht lena rath eacnamaíoch agus nach bhfuil uathu, dá bhrí sin, ach ‘iarraim cúis’ chun cur isteach air agus chun é a chur trí chéile agus a chomhrac ar an gcaoi sin. Le teann a bprionsabal síochánaíoch, ní mór do mhuintir na hEorpa foghlaim conas fáil faoi réir an chomhraic seo ionas gur féidir leo é a sheachaint. Chun gur féidir an cogadh a bhuachan sula gcuirfear tús leis, is gá tiomantas nach beag a léiriú chun fíor-neamhspleáchas smaoinimh agus gníomhaíochta a chothú.
Má fhreastalaíonn muintir na hEorpa ar an dá riachtanas sin i gcomhar le chéile, tús ré nua do lánpháirtiú na hEorpa a bheidh ann.
Ní fearr slí atá ag an Aontas Eorpach chun a shamhail féin den tsaoirse agus den dlúthpháirtíocht a chur chun cinn ná de bharr na cumhachta caolchúisí atá aige, ach é a bheith aontaithe le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os a chomhair. Is é an tAontas, ag feidhmiú dó i ndlúthpháirtíocht le gach saoránach dá chuid agus trí dhlúthpháirtíocht a chothú idir na catagóirí d’Eorpaigh éagsúla atá ann, a léiríonn gur sárshampla é den rud is sochaí eiseamláireach ann, a chuireann daoine i gcroílár na heagraíochta sóisialta ar fad. Ní foláir dó a bheith mórálach as sin, agus an ról seo a ghlacadh chuige féin tráth atá céilí comhraic uathlathacha nua ann agus iad ag iarraidh é a chur dá bhoinn.
Chuige sin, níor cheart eagla a bheith air a chuid cumhachta a léiriú ná leisce a bheith air a bheith cruthaitheach i gcúrsaí eacnamaíocha. Ní foláir dó feidhmiú gan náire, gan scáth. Ar an gcuma sin, rithfidh an t-ádh leis.
Jean-Dominique Giuliani: Uachtarán Fhondúireacht Robert Schuman