European Economic
and Social Committee
Breadcrumb
- Home
- Current: An t-aoi gan choinne
An t-aoi gan choinne
Uair sa mhí, bíonn pearsa faoi leith á cur i láthair againn, ar foinse inspioráide í a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán.
In eagrán mhí Mheán Fómhair, beimid i mbun cainte le Sébastien Maillard, Stiúrthóir Institiúid Jacques Delors i bPáras. Roinnfidh sé linn an tuiscint atá aige ar an rud is ‘muintearas i leith na hEorpa’ ann, coincheap atá thar a bheith tábhachtach ar na saolta seo agus díospóireacht ar siúl faoi thodhchaí na hEorpa, a thiocfaidh chun buaice nuair a bheidh an Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag an bhFrainc sa chéad leath de 2022.
Is é Stiúrthóir Institiúid Jacques Delors i bPáras é Sébastien Maillard. Meitheal mhachnaimh í seo a bhfuil 20 duine fostaithe inti agus é de chúram uirthi anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna Eorpacha agus smaointe oibríochtúla a chur le chéile d’fhonn lánpháirtiú na hEorpa a chur chun cinn i roinnt earnálacha mórthábhachta, i gcomhar lena comhpháirtithe i mBeirlín agus sa Bhruiséil. Is éard is feidhm do Académie Notre Europe (brainse oiliúna den Insititúid) feasacht faoi shaincheisteanna Eorpacha a mhúscailt i measc daoine idir 18 agus 30 bliain d’aois.
B’iriseoir don nuachtán La Croix é Sébastien Maillard sula ndeachaigh sé isteach sa mheitheal mhachnaimh seo a bhunaigh Jacques Delors, Iar-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Ba é comhfhreagraí La Croix sa Bhruiséil (2007-2010) agus sa Róimh (2013-2016) é, mar aon le bheith ina chomhcheannasaí ar an tseirbhís idirnáisiúnta, agus chlúdaigh sé feachtas Emmanuel Macron in 2017. Is saineolaí ar ghnóthaí Eorpacha é agus tá tréimhsí tugtha aige ag teagasc an ábhair sin ag Sciences Po i bPáras agus do Choláiste Bhostúin; d’oibrigh sé freisin i bpáirt le TheWorldPost, The German Times agus le nuachtáin agus irisí eile. Ball atá ann de roinnt eagraíochtaí Eorpacha, mar atá Gluaiseacht na hEorpa, Teach Robert Schuman agus Teach na hEorpa. Is é údar Qu’avons-nous fait de l’Europe ? é, leabhar a foilsíodh in 2013 agus ar scríobh Jacques Delors an brollach ina chomhair. Chuir sé leabhar agallamh le chéile i gcomhar le Enrico Letta dar teideal Faire l’Europe dans un monde de brutes (2017), ar foilsíodh eagrán póca faoi chlúdach bog de in 2019 agus ar aistríodh go teangacha éagsúla é. (ehp)