An t-aoi gan choinne

Gach mí, cuirimid aoi speisialta in bhur láthair. Is duine é seo atá i mbéal an phobail a roinnfidh a thuairimí nó a tuairimí faoi chúrsaí reatha linn, a thabharfaidh dearcadh úrnua dúinn, a spreagfaidh sinn agus a dhíreoidh ár n-aird ar shaol an lae inniu. In eagrán seo mhí Aibreáin, is díol áthais dúinn fáilte a fhearadh roimh Aurélie Vauthrin-Ledent, aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir, a insíonn dúinn faoin ngairm chun gnímh atá déanta aici d’fhonn fóirithint ar earnáil an chultúir, ar earnáil í nach féidir linn maireachtáil dá ceal.

Cé gur de bhunadh na Fraince í Aurélie Vauthrin-Ledent, tá cónaí uirthi sa Bheilg agus is ann a chleachtann sí ceird an ealaíontóra. Is céimí í de chuid Ollscoil Sorbonne (sna healaíona taibhiúcháin), de chuid na hArdscoile Náisiúnta Réigiúnaí Drámaíochta in Rouen (ar a dtugtar CRR anois) agus de chuid na hArdscoile Ríoga Drámaíochta sa Bhruiséil, agus is iomaí gairm aici: aisteoir, stiúrthóir, dearthóir stáitse, amhránaí is scríbhneoir, stiúrthóir ealaíne agus pleanálaí féilte. San amharclann, bhí páirt aige i ndrámaí clasaiceacha agus comhaimseartha faoi stiúir Peggy Thomas, Alexis Van Stratum, Renaud de Putter, Jamal Youssfi, Audrey Marsin, Charlie Degotte agus Thierry Robrechts.

In 2014, scríobh Vauthrin-Ledent "Cerise à l'eau-de-vie" agus rinne sí an saothar a stiúradh ag Théâtre de la Vie sa Bhruiséil.

In 2016, ag Théâtre Le Public, bhí an phríomhpháirt aici in “L’échange”, dráma de chuid Paul Claudel a cuireadh ar stáitse faoi stiúir Peggy Thomas. Le linn shéasúr 2016/2017, d’fhorbair, chomhordaigh agus stiúir sí ceardlann scríbhneoireachta darb ainm Francophonirique II ag Théâtre des Doms in Avignon, ar ceardlann í a bhunaigh a stiúrthóir, Alain Cofino Gomez, an chéad lá.

I mí Eanáir 2020, ag Théâtre de la Vie, rinne sí an dráma "Les Corbeaux" le Henry Becque a stiúradh agus bhí páirt aici féin ann freisin.

Ó 2016 i leith, tá sí ag scríobh, ag cumadh agus ag canadh faoin ainm cleite La Chouette et les Oiseaux de nuit.

In 2016, chuir sí an fhéile ildisciplíneach Tri-Marrant ar bun ag Théâtre de la Vie sa Bhruiséil agus bainistíonn sí gach a mbaineann le stiúradh ealaíne agus le sceidealú. Tháinig borradh faoin bhféile in 2018, tráth a beartaíodh í a chur ar siúl gach re bliain feasta. Bhí sé i gceist an fhéile a chur ar siúl den tríú huair i Meitheamh 2020, ach is amhlaidh a cuireadh ar athló í go Meitheamh 2022 mar gheall ar phaindéim COVID-19.

I mí Aibreáin 2020, bhunaigh Vauthrin-Ledent teach foilsitheoireachta nua darb ainm “Les Oiseaux de Nuit” atá dírithe ar amharclannaíocht Fraincise na Beilge, agus is í atá ina stiúrthóir eagarthóireachta, ealaíne agus riaracháin air.