Renate Heinisch: Is le chéile a chloífear an t-uaigneas

Toisc gur poitigéir mé, bhí mé an-tógtha le linn ghéarchéim an choróinvíris leis an ngné sin den leigheas a bhaineann go sonrach leis an difear idir na hinscní. I réimse na meabhairshláinte feictear difear mór idir an tionchar a bhí ag COVID-19 ar fhir agus ar mhná.

Nuair a dhéantar comparáid eatarthu, is léir go raibh ar níos mó fear ná ban dul isteach in aonaid dianchúraim agus gur minice a fuair siad bás, fir óga go háirithe.

Ó cuireadh tús leis an dianghlasáil is mná óga is mó a d’éirigh tinn, agus sin i ngeall ar na róil nua atá acu sa tsochaí: fostaíocht neamhbhuan nó pháirtaimseartha, níos mó teagmhála le daoine, níos lú oibre ón mbaile, níos mó freagrachtaí cúraim.

Ní mór dúinn breathnú arís ar na heiseamláirí atá ag mná agus ag daoine scothaosta sa teaghlach, arae, tá leithcheal á dhéanamh freisin ar dhaoine atá amach sna blianta. Sin ábhar a leanfaidh mé orm ag labhairt faoi.

Le linn na géarchéime, is minic a shuínn os comhair na cógaslainne agus phléinn na ceisteanna sin le mo mhuintir, agus bhainidís sásamh as an gcomhrá sin.

Bheannaínn freisin do na seandaoine sa teach altranais, mise thíos ar an tsráid agus iadsan ar an mbalcón, agus chanaimis amhráin le chéile.

Caithfear an t-uaigneas a chloí agus seasamh le gaolta na ndaoine sin. Beidh ar lucht beartais an méid sin a chur san áireamh agus an fhostaíocht sa réimse seo á cur chun cinn acu, ach go dtí go ndéanfar sin beidh orainn tacú le cách.

Cheistigh mé tuismitheoirí freisin faoi réimse an oideachais agus d’eagraigh mé físchomhdhálacha le múinteoirí i dtaobh na litearthachta sna meáin.