Tá an misneach a bhí ag Robert Schuman i gcúrsaí polaitíochta a dhíth ar an Eoraip

Cothrom 70 bliain an ama seo a síníodh Dearbhú Robert Schuman agus meabhraítear dúinn arís go dteastaíonn misneach i gcúrsaí polaitíochta agus fís chun difríocht a dhéanamh agus cúrsa na staire a athrú.

Ar thionscnamh Ardrúnaí CESE, Gianluca Brunetti, tionóladh searmanas an 7 Iúil in ómós Robert Schuman a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí na hEorpa aontaithe. Orthu siúd a ghlac páirt sa searmanas bhí Luca Jahier, Uachtarán CESE, Jean Quatremer, saineolaí i ngnóthaí Eorpacha agus comhfhreagraí leis an nuachtán Francach Libération, agus Pierre Kroll, cartúnaí leis an nuachtán Beilgeach, Le Soir.

Is é a dúirt Jean Quatremer gurbh é a dhéanfadh Robert Schuman dá mbeadh air a achainí a dhéanamh arís inniu go ndíreodh sé a thionscadal ar an dlúthpháirtíocht idir thíortha saibhre agus tíortha daibhre agus ar luachanna na hEorpa.

Rinne na haisteoirí Aurélie Vauthrin agus Rachid Benbouchta téacs Dhearbhú Schuman a léamh agus an téacs curtha in oiriúint acu do shaol nua-aimseartha an lae inniu.