Aird ar leith a thabhairt ar Úcránaigh atá faoi mhíchumas

Roimh an gcogadh, bhí 2.7 milliún duine faoi mhíchumas san Úcráin. Ach cad a tharlaíonn nuair a bhuaileann tubaiste? Tá sé á rá ag daoine faoi mhíchumas san Úcráin go bhfuil siad fágtha ar lár, nach féidir leo rochtain a fháil ar fhaisnéis, nach bhfuil modhanna iompair inrochtana ar fáil dóibh, nach féidir leo na hionaid aslonnaithe ná na foscadáin bhuamála a rochtain agus nach leor an chabhair atá siad a fháil ó eagraíochtaí cabhrach daonnúla.

Eagraíocht amháin atá ag troid ar son daoine faoi mhíchumas san Úcráin a aslonnú is ea an eagraíocht Fight for Right. Tá cuid de lucht stiúrtha na heagraíochta tar éis teitheadh go dtí an Danmhairg, áit ar bhuail Sif Holst, comhalta de CESE, leo agus a ndearna sí iarracht cabhair a fháil ó eagraíochtaí daoine faoi mhíchumas sa Danmhairg. Is mná uaisle díograiseacha iad an ceathrar ban ar bhuail mé leo. Níor éirigh leo a thabhairt leo ach na héadaí a bhí á gcaitheamh acu, agus fós féin déanann siad neamhaird ar a riachtanais féin, d’fhonn leanúint lena gcuid oibre, ag tiomsú airgid le go bhféadfaidh níos mó daoine faoi mhíchumas teitheadh, agus ag lorg roghanna inrochtana iompair do na daoine sin.

 Sif Holst