European Economic
and Social Committee
An bhithéagsúlacht: iarrann CESE go nglacfaí cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim thriarach phláinéadach.
Agus an 16ú ceann de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ag teannadh linn (COP16), ag díriú an uair seo ar an mbithéagsúlacht, iarrann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go nglacfaí cur chuige comhtháite domhanda chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim bhithéagsúlachta atá ann faoi láthair.
Agus cúrsaí ar fud an domhain ag éirí níos teannasaí, tá CESE ag tathant ar na rialtais díriú ar an mbithéagsúlacht mar phríomhréiteach ar an ngéarchéim thriarach phláinéadach (an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus an gaineamhlú. Deis chinniúnach a bheidh in COP16 chun dlús a chur le hiarrachtaí ar fud an domhain éiceachórais ár bpláinéid a chosaint, rud a chuir CESE i dtábhacht sa tuairim a ghlac sé i mí Mheán Fómhair.
‘Gan bhithéagsúlacht, chlisfeadh ar éiceachórais agus ar gheilleagair mar tá breis agus leath de OTI an domhain agus 40 % de phoist ag brath go díreach ar an dúlra,’ arsa Arnaud Schwartz, rapóirtéir na tuairime.
Tuigeann CESE gurb í an bhithéagsúlacht bunús na n-éiceachóras, dhea-bhail an chine dhaonna agus na ngeilleagar í. Dá réir sin, cuireann sé in iúl nach mór í a phríomhshruthú ar fud an iliomad earnálacha beartais, beartais aeráide, talmhaíochta agus trádála cuir i gcás, seachas dul i ngleic léi ina haonar. Tógaimis mar shampla comhaontuithe trádála: ba cheart an inbhuanaitheacht a chur chun cinn i gcomhaontuithe trádála trína chinntiú nach gcuireann earraí agus teicneolaíochtaí le dífhoraoisiú agus scriosadh gnáthóg.
Is práinneach freisin tacaíocht airgeadais a áirithiú do chaomhnú na bithéagsúlachta. Ní leor an cistiú poiblí leis féin. Seachas sin, teastaíonn meascán de shásraí nuálacha airgeadais poiblí agus príobháideacha.
Tathantaíonn CESE ar an Aontas tacú leis na tíortha sa Domhan Theas agus iad ag cosaint na bithéagsúlachta. Iarrann sé freisin go gcuirfí deireadh de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don bhithéagsúlacht, go háirithe na fóirdheontais sin a chuireann breoslaí iontaise chun cinn. Má dhéantar na fóirdheontais sin a atreorú le héiceachórais a athchóiriú, d’fhéadfadh sé go rachfaí i ngleic leis an athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta araon, agus sin mar thoradh ar réitigh dhúlrabhunaithe amhail an t-athfhoraoisiú, talmhaíocht inbhuanaithe agus athchóiriú na mbogach.
Chomh maith leis sin, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá an cur chuige Aon Sláinte Amháin, a thugann le chéile sláinte an duine, na n-ainmhithe agus an chomhshaoil. Cuireann éiceachórais shláintiúla seirbhísí criticiúla ar fáil, ina measc sin pailniú, ceapadh carbóin agus scagachán uisce, trí rud a chuireann le dea-bhail an duine. Agus an bhithéagsúlacht ag dul ar gcúl, tá athléimneacht na n-éiceachóras i mbaol agus tá riosca níos airde ann go scaipfidh galair zónóiseacha amhail COVID-19.
Iarrann CESE freisin go dtabharfaí ról ní ba mhó do dhaoine óga sa phróiseas cinnteoireachta. Chuige sin, molann sé go gceapfaí Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin sa Choimisiún Eorpach do na glúnta atá le teacht chun a chinntiú go dtabharfaí tús áite don inbhuanaitheacht fhadtéarmach thar thorthaí nach mairfidh i bhfad. (ks)