le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Tionólfaidh Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE comhdháil sa Bhruiséil an 25 Márta ó 2.30 p.m. go 6.00 p.m. CET chun féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an Aontas ina iomláine agus leis na Ballstáit aonair oibriú i dtreo idirphlé sibhialta agus daonlathas rannpháirtíochta atá éifeachtach agus inbhuanaithe

I measc na n-aoichainteoirí beidh:

  • Pedro Silva Pereira, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, atá ag teacht in ionad Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, chun teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar na saoránaigh, agus
  • Willem van de Voorde, a Shoilse, Ambasadóir na Beilge agus Buanionadaí na Beilge chuig an Aontas Eorpach.

Le linn na comhdhála, cuirfear an dá thionscnamh a leanas i láthair:

  • Tuairim ó CESE dar teideal ‘An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh’ (SOC/782), a dréachtaíodh arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus a glacadh ag seisiún iomlánach CESE an 15 Feabhra;
  • litir oscailte, a fuair tacaíocht ó 156 shínitheoir ó 26 Bhallstát agus a thionscain Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Sochaí Shibhialta na hEorpa. Iarrtar sa litir sin ar phríomhinstitiúidí an Aontais bearta nithiúla a dhéanamh chun idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun feidhme i ngach réimse beartais.

Tabharfar le chéile sa chomhdháil páirtithe leasmhara institiúideacha agus páirtithe leasmhara eile chun machnamh a dhéanamh ar dhóigheanna chun na bearta a mholtar sna tionscnaimh sin agus i dtionscnaimh eile a chur chun feidhme.

Tá an chomhdháil oscailte don phobal. Is gá clárú roimh ré más spéis leat freastal ar an gcomhdháil i bpearsa nó go cianda. Déanfar sruthú ar an imeacht.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, mar shampla, faoin dréachtchlár, faoin gclárú agus faoin sruthú, téigh chuig suíomh gréasáin an imeachta.