Ní mór caitheamh leis an tithíocht mar cheart bunúsach, agus cóiríocht chuibhiúil agus inbhuanaithe a chinntiú do mhuintir uile na hEorpa, á gcur san áireamh daoine óga agus grúpaí leochaileacha.

Sin an glao láidir a chuir Fóram Tithíochta CESE chun cinn, a bhí ann den chéad uair ag seisiún iomlánach mhí na Nollag ar an 5 Nollaig 2024. Bhí cainteoirí mór le rá i láthair ag an díospóireacht agus glacadh tuairim faoin ábhar.

Tar éis cheapadh Dan Jørgensen ina Choimisinéir um Fhuinneamh agus Tithíocht, chuir Uachtarán CESE Oliver Röpke in iúl gur geal leis an cinneadh stairiúil chun punann shonrach tithíochta a chur ar bun sa Choimisiún nua. Seo mar a labhair an tUachtarán Röpke: ‘Is ceart bunúsach í an tithíocht, ní pribhléid, agus ní féidir linn glacadh leis go n-eisiafaí pobail leochaileacha ón mbunriachtanas sin. Agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le géarchéim thromchúiseach tithíochta i ngach mór gach ceann de na Ballstáit, ba mhaith liom béim a leagan ar an ngá práinneach atá lena chinntiú go mbeidh tithíocht inacmhainne, inbhuanaithe agus chuibhiúil ann do chách.’

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Bent Madsen, Uachtarán Housing Europe, agus é ag iarraidh go mbreathnófaí ar an tithíocht mar bhonneagar atá ríthábhachtach don tsochaí, ar aon leibhéal leis an tsláinte agus an oideachas: ‘Táimid ar aon fhocal le tuairim an Choimisinéara nua Tithíochta gur cheart ár gcur chuige a bhunú ar luachanna, rialacha agus infheistíocht. Táimid réidh, mar chomharchumann poiblí agus mar sholáthraithe tithíochta sóisialta, le taispeáint conas na tithe atá de dhíth ar ár ndaoine agus ar ár sochaithe a chur ar fáil.’

Sa tuairim Tithíocht shóisialta san Aontas atá cuibhiúil, inbhuanaithe agus inacmhainne a dhréachtaigh Thomas Kattnig agus Rudolf Kolbe, aithníonn CESE go bhfuil cliste ar an margadh tithíochta. Ní mór dul i ngleic leis sin trí fheabhas a chur ar chreatchoinníollacha amhail sonraí, comhordú, nósanna imeachta formheasa agus rialacha pleanála maidir le húsáid talún, trí cheart bunúsach chun tithíochta a bhunú, trí chistiú leordhóthanach a chur ar fáil, tríd an gcur chuige ‘Tithíocht ar dTús’ a chur chun feidhme ar mhaithe le daoine gan dídean, agus trí dhíriú níos mó ar an inbhuanaitheacht agus ar riachtanais daoine óga. (mp)