European Economic
and Social Committee
Tuarascálacha Letta agus Draghi: ní féidir breith agus dá rogha a bheith againn
Le Matteo Carlo Borsani,
Grúpa na bhFostóirí in CESE
Is é an chéad mholadh agus an príomh-mholadh ó CESE sa tuairim uaidh gur cheart gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun moltaí thuarascálacha Letta agus Draghi a chur chun feidhme. I mo thuairimse, ba cheart é sin a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach. Níor cheart codanna áirithe den dá thuarascáil sin a roghnú. Ní mór iad a chur chun feidhme ina n-iomláine, gan teorainn a chur leis na tograí ná leis an aird a thugtar ar chriosanna compoird, agus gan na saincheisteanna is criticiúla agus is achrainní, amhail infheistíochtaí, a sheachaint.
Maidir le tuarascáil Draghi, ós rud é gur léir a thábhachtaí atá sé díriú ar iomaíochas an Aontais ina iomláine, measaim gur moltaí ríthábhachtacha iad na moltaí a dhéanann Mario Draghi maidir le beartas tionsclaíoch an Aontais. Go háirithe, d’áitigh sé gur gá beartas tionsclaíoch a ghlacadh a bheadh in ann na dúshláin a bhaineann leis an gcur chuige ilroinnte atá ann faoi láthair a shárú. Sa lá atá inniu ann, tá 27 mbeartas tionsclaíochta náisiúnta ann, agus ní dhéantar na beartais sin a chomhordú i gcónaí. I ndáil leis an méid sin, is le hiarracht struchtúrtha ar an leibhéal Eorpach amháin a bheimis in ann an chothromaíocht cheart a áirithiú idir bearta fioscacha, rialála, tráchtála/custaim agus dreasachtaí airgeadais, mar a rinne na Stáit Aontaithe agus an tSín sna beartais thionsclaíocha is déanaí a d’ullmhaigh siad. Rachadh an chothromaíocht sin go mór chun tairbhe don mhargadh aonair.
Ba cheart, áfach, don mhéid sin a bheith fite fuaite le laghdú ollmhór ar ualaí maorlathacha do ghnólachtaí, agus is mór agam go háirithe an iarraidh ó Enrico Letta maidir le margadh aonair a dhéanfaidh dul chun cinn go tapa agus a mbeidh tionchar forleathan aige. I measc a phríomh-mholtaí, molann Enrico Letta an t-ualach maorlathach a chuíchóiriú, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, agus gníomhaíochtaí breise chun an rómhaorlathas a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún an t-ualach tuairiscithe a laghdú 25 % do gach gnólacht agus sprioc 50 % ar a laghad a leagan síos do FBManna. Ina theannta sin, trí thógáil ar an moladh ó Enrico Letta maidir le machnamh a dhéanamh ar shásra a chuideoidh leis na comhreachtóirí measúnú tionchair dinimiciúil a dhéanamh, agus tríd an moladh sin a dhoimhniú, tacaíonn CESE go láidir leis an smaoineamh seiceáil iomaíochais a dhéanamh le linn an nós imeachta reachtaigh.