I dteannta a chéile is fearr is féidir linn leasanna dlisteanacha an Aontais i réigiún Eorpach an Artaigh a chosaint, is é sin le rá trí Straitéis AE maidir leis an Aontas a neartaíonn an ról atá ag an tsochaí shibhialta i ngach cinneadh a bhaineann le hábhar. Tá an dlúthchomhar leis an nGraonlainn ríthábhachtach freisin chun go ndéanfaí infheistíocht inbhuanaithe san Artach, rud atá de dhíth ar an réigiún chun bheith rathúil athléimneach.

Rinne CESE tuairim féintionscnaimh faoi seo a ghlacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Eanáir, Straitéis na hEorpa a fhorbairt maidir leis an Artach i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta. Leagtar béim sa tuairim sin ar an ról thar a bheith tábhachtach atá ag an Artach i dtaca le huathriail straitéiseach, athléimneacht agus iomaíochas na hEorpa.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag rapóirtéir na tuairime Anders Ladefoged, ar comhalta de CESE é: ‘Leis an tuairim nua seo againn, pléimid an beartas AE maidir leis an Artach agus conas a d’fhéadfadh an tAontas an beartas sin a fhorbairt ó thaobh na sochaí sibhialta de. Déanaimid é sin ar bhealach a fhreastalaíonn ar leasanna an Aontais féin agus a fhéachann i ndiaidh mhuintir an réigiúin chomh maith céanna, chun cuidiú leo a bheith athléimneach agus rathúil.

Anuas air sin, molann CESE go ndéanfaí comhairliúchán agus comhar iomlán le pobal dúchais an Artaigh. Sa chomhthéacs sin, seo mar a labhair comhrapóirtéir na tuairime, Christian Moos, ar comhalta de CESE é freisin: ‘I dteannta a chéile is fearr is féidir linn leasanna na stát i réigiún Eorpach an Artaigh a chosaint. Is féidir linn é sin a dhéanamh trí chomhar a bheith ann idir na Ballstáit i dtuaisceart an Aontais agus trí straitéis Eorpach a thabhairt isteach maidir leis an Artach. Ní mór rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chinntiú agus cearta na muintire áitiúla agus an phobail dúchais a chosaint mar chuid den straitéis sin.’

Tá cás na Graonlainne, a phléitear sa tuairim freisin, an-chosúil le cás an Artaigh Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis na dúshláin agus na deiseanna atá ann de thoradh an athraithe mhóir thapa atá ag teacht ar an réigiún.

Maidir leis an nGraonlainn, dúirt an comhrapóirtéir Moos gur ‘ríthábhachtach an ní é feabhas a chur ar an gcomhar Eorpach, lena n-áirítear sa Ghraonlainn, chun go ndéanfaí infheistíocht inbhuanaithe sa réigiún ionas gurbh fhéidir leis a bheith rathúil athléimneach.’

Ceann de na rudaí is tábhachtaí do mhuintir na Graonlainne féin ná féinchinntiúchán na ndaoine mar náisiún a neartú faoin mana Nihil de nobis, sine nobis, is é sin an prionsabal nár cheart cinneadh ar bith a dhéanamh mura bhfuil gach páirtí páirteach sa phlé. Mar sin féin, meastar gur dlúthchomhghuaillí é an tAontas a bhfuil na luachanna céanna aige agus atá ag an nGraonlainn, cuir i gcás cearta an duine agus an t-idirphlé sóisialta. (at)