European Economic
and Social Committee
Eagarfhocal
Bliain d’Fhorás agus Gealltanas: Machnamh an Uachtaráin Oliver Röpke
Agus an bhliain 2024 ag teacht chun deiridh, smaoiním siar ar bhliain inar bhain Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) éachtaí suntasacha amach. I dteannta a chéile, neartaíomar guth na sochaí sibhialta, threisíomar prionsabail dhaonlathacha, agus thacaíomar leis an inbhuanaitheacht laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain.
Ceann de na garspriocanna is mó a bhfuilimid bródúil as ná seoladh an tionscnaimh ‘comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí’, rud a thug ionadaithe ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas isteach i bpróisis chomhairleacha CESE. Leis an tionscnamh sin athdhearbhaítear ár dtiomantas do phróiseas méadaithe a bheidh trédhearcach agus bunaithe ar an bhfiúntas, lena n-ullmhófar na tíortha atá le bheith ina mBallstáit chun páirt iomlán a ghlacadh i múnlú an Aontais.
Chuireamar le comhpháirtíochtaí domhanda trí Mheabhrán Tuisceana a shíniú le Comhairle na Brasaíle um Fhorbairt Eacnamaíoch, Shóisialta agus Inbhuanaithe. A bhuí leis sin, neartaíodh an comhoibriú maidir le forbairt inbhuanaithe agus daonlathas, mar a chonaiceamar sna cruinnithe a bhí agam leis an Uachtarán Lula da Silva. Ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta G20 in Rio de Janeiro, bhí ról lárnach ag CESE maidir le hathchóiriú rialachais agus cosaintí sóisialta feabhsaithe a mholadh in éineacht leis an Uachtarán Lula agus le rialtas na Brasaíle. Ar an gcaoi chéanna, leis an gcaidreamh atá againn leis an Aontas Afracach, a cuireadh ar bhonn foirmiúil trí bhíthin dearbhú comhpháirteach ag Cruinniú Mullaigh na Todhchaí de chuid na Náisiún Aontaithe, leagamar béim ar rialachas cuimsitheach domhanda agus ar ghníomhú cothrom ar son na haeráide. Léiríonn na tionscnaimh dhomhanda sin an tionchar méadaitheach atá ag CESE maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte.
Laistigh den Eoraip, léirigh Seachtain na Sochaí Sibhialta a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na cosmhuintire maidir le todhchaí an Aontais a mhúnlú. Ag an bhFóram Ardleibhéil um Méadú, d’athdhearbhaíomar nach leathnú teorainneacha amháin atá i gceist leis an méadú, ach comhluachanna a dhoimhniú chomh maith. Ag cruinnithe le ceannairí amhail Príomh-Aire na hAlbáine Edi Rama, díríodh ar a chinntiú go mbeidh ról lárnach ag an tsochaí shibhialta i gcaibidlíocht aontachais an Aontais. Comhlánaíodh na hiarrachtaí sin leis an bplé maidir leis an gclaochlú digiteach ag cruinniú Bhiúró CESE i Vársá, cruinniú inar ailíníodh dul chun cinn teicneolaíoch le luachanna Eorpacha an chothromais agus na cothroime. Beidh na hiarrachtaí sin ina mbunchloch d’Uachtaránacht inteachta na Polainne ar an Aontas Eorpach.
Agus 2025 ag druidim linn, táimid ag díriú go fóill ar an daonlathas rannpháirtíochta a neartú, ar an gceartas sóisialta a chur chun cinn, agus ar dhul i ngleic le dúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide agus an digitiú. Leanfaidh CESE de bheith ag obair gan stad gan staonadh ar son Eoraip a éistfidh leis na daoine, a spreagfaidh iad agus nach bhfágfaidh aon duine ar lár.
Go raibh síocháin, forás agus rathúnas i ndán dúinn go léir sa bhliain atá romhainn.