Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí

Bhuaigh Donald Trump toghchán na Stát Aontaithe agus beidh sé ina uachtarán den dara huair. Tá an toradh soiléir agus ní mór é a urramú. Ach cad is féidir linn a dhéanamh anois?

Tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe ina bpríomh-chomhpháirtithe geopholaitiúla agus trádála go fóill ós rud é go bhfuil an caidreamh atá againn bunaithe ar phrionsabal na cómhalartachta. Ní féidir leithliseachas ná caomhnaitheacht a bheith ann i ndomhan idirnasctha an lae inniu, cionn is go mbaineann cur chuige den sórt sin an bonn dár gcomhar frithpháirteach domhanda agus dár rathúnas eacnamaíoch.

Is iad an tAontas agus na Stáit Aontaithe príomh-chomhpháirtithe is mó a chéile. Tá an trádáil dhéthaobhach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ag an leibhéal is airde riamh, le breis is EUR 1.6 trilliún in 2023, agus stoic infheistíochta dhéthaobhacha os cionn EUR 5 thrilliún. Is mórfhoinse infheistíochta dírí coigríche (IDC) san Aontas Eorpach iad na Stáit Aontaithe, agus meastar gur thart ar USD 3.6 trilliún atá san IDC a dhéanann na Stáit Aontaithe a infheistiú san Aontas Eorpach, agus is é USD 3 thrilliún a bheag nó a mhór an méid a infheistíonn an tAontas a infheistiú sna Stáit Aontaithe . Neartaíonn an infheistíocht fhrithpháirteach sin an t-idirspleáchas eacnamaíoch agus cruthaíonn sí na milliúin post ar dhá thaobh an Atlantaigh.

Ar an ábhar seo, tá sé tábhachtach leanúint ar aghaidh ag obair ar an gcaidreamh atá againn. Na moltaí a rinne Trump cheana maidir le taraifí a fhorchur ar earraí an AE, agus taraifí idir 10 % agus 20 % a chur i bhfeidhm ar allmhairí ó gach tír, an tAontas san áireamh, ní thiocfaidh dada astu. Sin an fáth a bhfuil muid ag iarraidh idirphlé níos oscailte agus clár oibre réamhbhreathnaitheach don chomhar.

D’éascaigh an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe idirphlé maidir le saincheisteanna criticiúla amhail an intleacht shaorga agus leathsheoltóirí. Ar thaobh amháin, is gá an t-idirphlé a neartú agus a uasghrádú, ar an taobh eile, ní mór don Aontas dlús a chur lena athchóirithe beartais, slacht a chur air féin agus an bealach is fearr a lorg chun comhoibriú leis na Stáit Aontaithe.

Ní mór dúinn ullmhú freisin don chás a bhféadfadh titim amach maidir le hábhair thábhachtacha amhail an t-athrú aeráide agus an Úcráin go mbeadh orainn dul ar ár gconlán féin. Is fíorfhéidearthacht é seo agus, dá bhrí sin, ba cheart dúinn tosú caitheamh leis mar an réaltacht nua de facto.