Ar iarratas ó Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá moltaí ríthábhachtacha fógartha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) arb é is aidhm dóibh an comhtháthú sóisialta a neartú, fiachas a bhainistiú agus tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí i gcúram sláinte agus san fhostaíocht ar fud na hEorpa. Chuir CESE in iúl gur cúis imní dó go bhféadfadh buiséid dhiana moill a chur ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an mbochtaineacht agus an t-athrú aeráide a chomhrac.

Chuir CESE a mholtaí i láthair sa tuairim uaidh Borradh a chur faoin bhfás cuimsitheach fadtéarmach trí athchóirithe agus infheistíocht a glacadh agus a pléadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí an Mhárta leis an gCoimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta, Nicolas Schmit agus Karine Lalieux, Aire Pinsean agus Lánpháirtithe Sóisialta na Beilge.

Leagadh béim sa tuairim ar an ngá atá leis na creataí atá ann cheana amhail an Seimeastar Eorpach agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i gcomhréir le chéile. Leag na cainteoirí sa díospóireacht ardleibhéil béim ar an ngá atá leis an Eoraip Shóisialta a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha amhail an bhearna phinsin idir na hinscní agus an cuimsiú digiteach. Leis an gcomhdháil ardleibhéil maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a bheidh ar siúl go luath sa Bheilg, léirítear tiomantas cur chun feidhme na hionstraime sin a chur chun cinn.

Leagtar béim i dtograí CESE ar úsáid éifeachtúil na n-acmhainní airgeadais, ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta i bpróisis chinnteoireachta, agus ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú gur aistrithe córa a bheidh san aistriú glas agus digiteach. Is téama lárnach í an chuimsitheacht, mar aon leis an leas is mó is féidir a bhaint as tionchar na n-infheistíochtaí sóisialta, agus cobhsaíocht eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta á gcothú san Aontas ag an am céanna. (tk)