European Economic
and Social Committee
Tá na pobail ag imirt in aghaidh na gaoithe: ní tháirgfear aon fhuinneamh gan ionadaíocht
le Grúpa na nOibrithe in CESE
Tá ról ríthábhachtach ag na comharchumainn agus na pobail fuinnimh chun go mbeidh rath ar an aistriú glas. Mar sin féin, ní thugann an Coimisiún aird chuí orthu ina phlean gníomhaíochta Eorpach um chumhacht ghaoithe. Is cosúil go dtugtar neamhaird sa phlean sin ar an méadú atá ag teacht ar an míshásamh i leith feirmeacha gaoithe nua a chruthú.
I mí Dheireadh Fómhair, chuir an Coimisiún Eorpach an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe i láthair chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú chuig fuinneamh glan fite fuaite leis an iomaíochas tionsclaíoch agus go leanfaidh an chumhacht ghaoithe san Eoraip de bheith ina scéal ratha.
Is cuid ríthábhachtach de tháirgeadh leictreachais glan-nialasach don todhchaí í an chumhacht ghaoithe. Tríd an gcinéal cumhachta seo, gintear níos mó ná aon trian de leictreachas in-athnuaite na hEorpa agus níos mó ná 17 % dá táirgeadh iomlán leictreachais.
Is cosúil, áfach, go ndéantar neamhaird i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin ar an méadú atá tagtha ar mhíshásamh na gcosantóirí tírdhreacha agus na gcaomhantóirí dúlra i leith feirmeacha gaoithe nua a chruthú. Léirítear an míshásamh sin leis an dearcadh ‘NIMBY’ (Not in My Backyard).
Tá ról fíorthábhachtach ag na comharchumainn agus ag na pobail maidir leis an míshásamh sin a shárú agus na tairbhí a bhaineann leis an aistriú sin a chomhroinnt go forleathan trí phróiseas áitiúil faoi stiúir na saoránach a spreagadh lenar féidir leis na saoránaigh an t-aistriú a threorú. Tá sé ríthábhachtach iad a chur san áireamh más rud é go bhfuiltear ag iarraidh go mbeidh córas giniúna cumhachta nua níos díláraithe ann mar thoradh ar ghiniúint in-athnuaite.
Ina ionad sin, is ar chuideachtaí móra amháin a dhíríonn Plean Gníomhaíochta um Chumhacht Ghaoithe an Choimisiúin. Déanfaidh an cur chuige sin dochar don phróiseas, agus laghdófar ráta glactha an aistrithe agus cuirfear an t-aistriú i mbaol. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme a phlean gníomhaíochta agus rannpháirtíocht na saoránach a áireamh i gcolún 7.
Ba cheart dó a áirithiú nach bhfuil tairiscintí bunaithe ar phraghsanna amháin agus go gcuirfear san áireamh leo ábhair imní maidir leis an gcomhshaol, an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair, agus an cómhargáil, mar a mhol CESE le déanaí sa tuairim uaidh a bhaineann leis an ábhar seo.