A léitheoirí dile,

Táimid tar éis tús a chur le téarma oifige nua in CESE ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana. Mar gheall ar shrianta COVID-19, den chéad uair riamh, reáchtáladh seisiún iomlánach tionscnaimh CESE go fíorúil. 

Maidir le modhanna oibre ar líne, arb iad na gnáthmhodhanna nua a bheidh againn sna míonna beaga amach romhainn, tá siad dúshlánach agus tairbheach. Is deacra teacht ar chomhréiteach maidir le beartais an Aontais Eorpaigh nuair nach féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh, is cinnte. Ach ar an taobh eile de, ní gá am a chur amú ag taisteal chuig an láthair oibre gach lá, agus is féidir a bheith áit ar bith san Aontas - go fíorúil - ach cliceáil ar an luchóg.

Nasc tábhachtach is ea CESE idir an tsochaí shibhialta eagraithe agus an creat institiúideach Eorpach. Baineann buntáistí le naisc dhigiteacha a thógáil, mar shampla is féidir a bheith níos tapa, níos solúbtha agus is féidir naisc a bhunú le níos mó daoine.

Agus iarrachtaí á ndéanamh ag an Aontas Eorpach chun dul i ngleic le paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a eascraíonn aisti, is tábhachtaí ná riamh na naisc dhigiteacha sin. Is mar sin a roghnaigh mé “cur le chéile” mar mhana le linn mo théarma uachtaránachta. Ní mór dúinn cur le chéile sa chomhrac i gcoinne na géarchéime agus ní mór dúinn cur le chéile chun an tAontas a mhúnlú i ndiaidh COVID-19. Ar son thodhchaí na hEorpa, ní mór dúinn cur le chéile!

Cén Eoraip atá de dhíth orainn? Dar liom féin, tá Eoraip de dhíth orainn a bhfuil rathúnas eacnamaíoch inti, atá cuimsitheach ar bhonn sóisialta agus atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. San Eoraip sin a fheicim, tá na dálaí cearta inti chun borradh a chur faoin tsochaí shibhialta ina hiomláine, agus chun go mbeidh daoine in ann cur fúthu in áit a bhfuil an daonlathas oscailte ann, an daonlathas luachbhunaithe.

Tá Eoraip níos rannpháirtí de dhíth orainn, Eoraip ina gcuirtear beartais atá níos éifeachtaí i gcrích agus atá ag teacht le fíor-riachtanais mhuintir na hEorpa. Tá CESE réidh agus toilteanach a shaineolas a roinnt le lucht ceaptha beartas chun an fhís sin a fhíorú.

Táim ag obair go dian dícheallach, ón taobh istigh agus ón taobh amuigh araon, chun dea-cháil CESE a neartú agus chun an mhuinín agus an chreidiúnacht a bhíodh ag daoine i leith CESE tráth a chothú athuair. Le chéile, ghlacamar sainordú chun athbhreithniú a dhéanamh ar ár Rialacha Nós Imeachta agus ar ár gCód Iompair chun a chinntiú go gcomhlíonann an Coiste na caighdeáin eitice agus ghairmiúla is airde dá bhfuil ann.

Is mian liom a iarraidh oraibh uile a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí de chuid CESE. Trí bheith rannpháirteach in imeachtaí dár gcuid, trí bheith rannpháirteach sa phlé, agus trí thorthaí ár gcuid oibre a scaipeadh, cabhróidh tú linn glór na sochaí sibhialta a chur in iúl. Ar son thodhchaí na hEorpa, cuirimis le chéile!

Christa Schweng, Uachtarán CESE