European Economic
and Social Committee
Ní mór foréigean in aghaidh na mban a chur ar liosta choireanna an Aontais
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Iúil, phléigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an dréacht-treoir ón gCoimisiún maidir le dul i ngleic le foréigean inscnebhunaithe agus comhionannas inscne le Cristina Fabre ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne.
Le blianta beaga anuas, tá dlús curtha ag an Aontas Eorpach lena iarrachtaí comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn agus a phríomhshruthú. In ainneoin na n-iarrachtaí sin, is é foréigean in aghaidh na mban an sárú is coitianta ar chearta an duine ar fud na hEorpa, agus aon trian de mhná ina níospartaigh foréigin.
Agus tús á chur aici leis an díospóireacht, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Christa Schweng: ‘Thar ceann na sochaí sibhialta, tá CESE tiomanta do shochaí atá níos cothroime ó thaobh inscne de a bhaint amach agus d’Aontas saor ó fhoréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní a bhaint amach.’
Labhair Cristina Fabre, ionadaí na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, faoin tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag neamhionannais: ‘Tríd an gcomhionannas inscne a chur chun cinn, tá borradh á chur faoin ngeilleagar againn. D’fhéadfadh OTI per capita ardú ó 6.9 % go 9.6 % má áirithímid go bhfuil cearta comhionanna ag mná agus ag cailíní.’
Phléigh José Antonio Moreno Diaz, rapóirtéir don tuairim maidir leis an togra le déanaí le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, conas is féidir leis an Aontas Eorpach dul i ngleic le heipidéim seo an fhoréigin in aghaidh na mban: ‘Is sárú ar chearta an duine é foréigean in aghaidh na mban, dá bhrí sin iarraimid go gcuirfí ar liosta choireanna an Aontais faoi Airteagal 83(1) CFAE é’. Tá sé á chur in iúl ag CESE nach réitítear fadhbanna sóisialta trí chóras na cúirte amháin agus nár cheart gurb é an pionós sin an t-aon bhealach amháin chun gníomh a dhéanamh. ‘Ní mór dúinn a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar sheirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe’, a mhínigh an comhrapóirtéir Ody Neisingh, ‘Is ar an gcóras atá an locht, ní ar na mná.’
Arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Seicia, glacadh tuairim ar leith maidir le comhionannas inscne le linn an tseisiúin iomlánaigh sin freisin. Dúirt rapóirtéir CESE, Milena Angelova, go n-éilíonn an comhionannas inscne aitheantas, úinéireacht agus tiomantas leanúnach ó na geallsealbhóirí uile sa tsochaí. ‘Ní mór dúinn cultúr comhionannais inscne ar feadh an tsaoil a thógáil, ina gcuimseofar gach céim agus gach réimse den saol’, a dúirt sí. (gb)