Tá an seimineár 'Connecting EU 2021' i Liospóin thart. Don cheathrú huair déag, bhuail muid le saineolaithe cumarsáide ón tsochaí shibhialta eagraithe agus le preasoifigigh chun labhairt faoin Eoraip a mbímid ag brionglóidíocht uirthi. Tá an t-am buailte linn anois chun mian ár gcroíthe maidir le hEoraip láidir, shábháilte, sheasmhach, chóir, chuimsitheach, a bhfuil dóchas inti a fhíorú.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na haíonna, cainteoirí, modhnóirí, iriseoirí, comhaltaí EESC, comhghleacaithe agus ár gcairde ar fad as an tréimhse ghnóthach chruthaitheach atá caite againn san áit dhraíochtúil seo, Liospóin. Is cúis bhróid dúinn uile gur éirigh go maith leis an gcomhoibriú eadrainn.
Fanaimis i dteagmháil, agus bígí nasctha.

Foireann Aonad CESE