Sa roinn seo ‘Ceist amháin ar...’, iarraimid ar Sophie Wiegand labhairt faoi ábhar atá go mór i mbéal an phobail, is é sin COP26 i nGlaschú.
‘Ar éirigh le cruinniú mullaigh Cop26 i nGlaschú de réir mar a bhí súil ag an nglúin óg, glúin a bhfuil réitigh éifeachtacha ar an téamh domhanda á n-éileamh gan stad gan staonadh acu?’

Ba í Sophia Wiegand toscaire na n-óg thar ceann CESE ag COP26 agus is í comhordaitheoir na Meithle um an nGéarchéim Aeráide í i bhFóram Eorpach na Mac Léinn (AEGEE) í, meitheal a bhfuil sé mar aidhm aici oiliúint a chur ar dhaoine óga maidir leis an ngéarchéim aeráide agus iad a spreagadh chun saoránachta gníomhaí agus chun rannchuidiú leis an aistriú glas. Tá sí ag déanamh staidéir ar an gCaidreamh Idirnáisiúnta in Ollscoil Teicneolaíochta Dresden (Technische Universität Dresden) agus is ar chothú na síochána comhshaoil trí chaomhnú an chomhshaoil atá a tráchtas dírithe.