European Economic
and Social Committee
Tá CESE ag áitiú ar an gCoimisiún measúnú breise a dhéanamh ar thionchar theicneolaíocht 5G ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol
Ba cheart don Choimisiún Eorpach dul chun cinn a dhéanamh sa phróiseas lena ndéantar measúnú ar thionchar ilearnála na dteicneolaíochtaí nua 5G agus 6G. Tá gá le huirlisí agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus leochaileachtaí. Sa tuairim a dhréachtaigh Dumitru Fornea agus a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Dheireadh Fómhair, tá seasamh daingean glactha ag CESE ina leith, agus tugann an Coiste dá aire go gcaithfear saincheisteanna sóisialta, sláinte agus comhshaoil a scrúdú, ar saincheisteanna iad a bhfuil baint acu leis na saoránaigh agus na gníomhaithe ábhartha uile, in ainneoin gur iompaigh an díospóireacht maidir le himlonnú líonraí 5G ina hábhar plé conspóideach agus polaitiúil.
Is éard a dúirt an tUasal Fornea ar imeall an tseisiúin iomlánaigh: ‘Tá tionchar nach beag ag digitiú tapa agus ag forbairt na cumarsáide leictreonaí ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí i gcoitinne. Trí úsáid fhreagrach a bhaint as na teicneolaíochtaí sin, is féidir leis an gcine daonna deis stairiúil a thapú chun sochaí níos fearr a thógáil. Mar sin féin, murab ann do dhícheall cuí agus do rialú daonlathach, d’fhéadfadh dúshláin thromchúiseacha a bheith roimh ár bpobail maidir le riar na gcóras teicneolaíochta sin amach anseo.’
Léirigh an phaindéim go bhfuil ról tábhachtach ag bonneagar na cumarsáide leictreonaí sa tsochaí agus gur féidir leis feabhas mór a chur ar cháilíocht saoil na saoránach agus go bhfuil tionchar díreach aige sin maidir leis an mbochtaineacht a chomhrac. Mar sin féin, ní mór measúnú leanúnach a dhéanamh ar an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann. Ar an gcúis sin, molann CESE go ndéanfaí cistí Eorpacha agus náisiúnta a chur ar fáil chun taighde ildisciplíneach níos doimhne a dhéanamh, chun tabhairt faoi staidéir tionchair atá dírithe ar dhaoine agus ar an gcomhshaol araon, agus chun oibriú ar son na torthaí sin a scaipeadh freisin d’fhonn oideachas a chur ar an bpobal agus ar chinnteoirí. (mp)