In dhá thuarascáil ar dhréachtreachtaíocht AE faoin intleacht shaorga (IS), iarrann CESE go gcuirfí cosc iomlán ar scóráil shóisialta agus go mbeadh sásra gearán agus sásaimh ann do dhaoine a d’fhulaing dochar de dheasca córas IS.
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Mheán Fómhair, ba dhíol sásaimh do CESE an Gníomh um an Intleacht Shaorga (AIA) agus an Plean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga atá beartaithe.
Measann CESE go gcuirtear an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha i gcroílár na reachtaíochta nua, agus go mbeidh sí ábhartha ar fud an domhain toisc sraith ceanglas a leagan síos inti a mbeidh ar fhorbróirí laistigh agus lasmuigh den Eoraip iad a chomhlíonadh más mian leo a gcuid táirgí a dhíol san Aontas Eorpach.
Dar le CESE, tá roinnt laigí sna tograí lena n-áirítear i réimse na ‘scórála sóisialta’. Tugann CESE le fios go bhfuil an baol ann go dtiocfaidh an cleachtas sin i réim san Eoraip de réir mar a tharla sa tSín, áit ar féidir leis an rialtas rochtain ar sheirbhísí poiblí a dhiúltú do dhaoine fiú amháin.
Áirítear leis an dréacht-AIA cosc ar na húdaráis phoiblí san Eoraip scóráil shóisialta a dhéanamh, ach ba mhaith le CESE go leathnófaí chuig eagraíochtaí príobháideacha agus leathphríobháideacha é ionas nach bhféadfar incháilitheacht duine aonair d’iasacht nó do mhorgáiste a shuíomh agus nithe eile dá leithéid sin.
Cuireann CESE in iúl freisin na contúirtí a bhaineann le córais intleachta saorga ‘ardriosca’ a liostú, agus tugann sé rabhadh gur féidir leis an gcur chuige liostaithe sin roinnt cleachtas intleachta saorga atá fós á gcáineadh go mór a normalú agus a phríomhshruthú. Cheadófaí aitheantas bithmhéadrach, lena n-áirítear aitheantas mothúcháin nó mothachtála, ina ndéanfaí anailís ar dhreach, tuin ghutha, staidiúir agus ar chomharthaí duine chun iompar daoine amach anseo a thuar, chun bréaga a bhrath nó fiú chun a fheiceáil an dócha go n-éireodh le duine i bpost. Cheadófaí freisin measúnú agus scóráil a dhéanamh ar oibrithe nó iad a chur chun bóthair fiú bunaithe ar IS, nó measúnú a dhéanamh ar mhic léinn i scrúduithe.
Ina theannta sin, ní féidir leis na ceanglais atá beartaithe le haghaidh IS ardriosca an dochar don tsláinte, don tsábháilteacht agus do na cearta bunúsacha a bhaineann leis na cleachtais sin a mhaolú i gcónaí. Ní mór, dá bhrí sin, sásra gearán agus sásaimh a thabhairt isteach lena dtabharfar an ceart do dhaoine a d’fhulaing dochar de dheasca na gcóras IS, agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a dhéantar le halgartam, agus sin amháin.
Ar bhonn níos ginearálta, dar le CESE, feidhmíonn an Gníomh um an Intleacht Shaorga ar an mbonn gur féidir IS a chur in ionad chinnteoireacht an duine ar bhealach suntasach nuair a chomhlíontar na ceanglais maidir le IS meánriosca agus ardriosca.
‘Tá an cur chuige ‘duine i gceannas’ á mholadh le fada ag CESE i leith IS toisc nach féidir gach cinneadh a bhunú ar an gcóras dénártha,’ a dúirt Cateljine Muller, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le AIA. ‘Tá gné mhorálta, impleachtaí tromchúiseacha dlíthiúla agus mórthionchair shochaíocha ag cuid mhaith acu, mar shampla ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar an mbreithiúnacht, ar sheirbhísí sóisialta, ar thithíocht, ar sheirbhísí airgeadais, ar an oideachas agus ar rialacháin saothair. An bhfuilimid réidh, i ndáiríre, le ligean do IS teacht in ionad chinnteoireacht an duine, fiú amháin i bpróisis chriticiúla amhail forfheidhmiú an dlí agus an bhreithiúnacht?’ (dm)