European Economic
and Social Committee
Is cuma nó buachaillí bó anallód iad seachadóirí bia an lae inniu: taispeántas grianghraf
Tá taispeántas fíorúil á óstáil ag CESE d’íomhánna a ghlac Frédéric Stucin, grianghrafadóir Francach, ina gcuirtear seachadóirí bia i láthair mar shainghné de shaol cathrach an lae inniu agus ina ndírítear ar a gcuid oibre mar chineál nua fostaíochta atá beag beann ar na forálacha sláinte agus sábháilteachta Eorpacha atá ann d’oibrithe.
Tá 20 íomhá ar taispeáint ina gcuirtear i láthair na ‘marcaigh’ seo agus bia á sheachadadh acu thar ceann Uber Eats, Deliveroo agus ardáin eile dá sórt.
‘Níl aon oidhre ar na marcaigh fhinscéalacha a bhíodh ag seachadadh poist do Phost na gCapall sna Stáit Aontaithe fadó ach na seachadóirí nua-aimseartha seo agus iad ag imeacht leo ar luas lasrach ar a rothair nó ar a scútair ó cheann ceann na cathrach, de ló is d’oíche’, arsa Frédéric Stucin.
Léirítear sna grianghraif freisin na dálaí crua faoina n-oibríonn siad – bíonn orthu an obair a dhéanamh fliuch fuar an lá, bíonn fuireach orthu lasmuigh de bhialanna, ní foláir dóibh a gcostais agus táillí iompair féin a íoc, caitheann siad cur suas le hardáin éilitheacha agus custaiméirí crosta, agus gan de rogha acu ach glacadh leis go mb’fhéidir go mbainfeadh timpiste dóibh le linn na hoibre.
Bíonn na hardáin seo ag maíomh faoina sholúbtha atá siad agus faoi shaoirse a bheith ag oibrithe a n-uaireanta oibre féin a roghnú, ach is minic a cheiltear bunchearta saothair ar chuid mhaith de na hoibrithe sin. Tá dul chun cinn áirithe déanta le deireanas agus is fíor go bhfuil dálaí oibre ábhairín níos fearr le fáil anois ar chuid de na hardáin agus go bhfuil na hoibrithe féin ag cur le chéile chun sásraí tacaíochta frithpháirteacha a chur ar bun.
Theastaigh uaim ómós a thabhairt sa taispeántas do na daoine misniúla seo a bhfuil meas mór ag dul dóibh,’ arsa Stucin.
Caitear solas sna grianghraif ar shaincheisteanna faoi leith a bhaineann leis na hoibrithe neamhthipiciúla seo, a bhfuil fás faoina líon, rud is díol spéise tráth atá tuairim ó CESE faoin Idirphlé sóisialta mar uirlis don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair le plé ag seisiún iomlánach mhí Eanáir.
Beidh an taispeántas, atá á reáchtáil i gcomhar le hUachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ar siúl ón 15 Eanáir go dtí an 15 Feabhra 2022. Is féidir féachaint air ANSEO. (ck)