Go mbeire an bhliain seo romhainn tuilleadh intuarthachta, tuilleadh síochána agus tuilleadh áthais

A léitheoirí dile,

Cuireadh tús le 2021 agus muid fós i ngreim ag COVID-19, ag bearta dianghlasála agus an tóin tite as an margadh fostaíochta. Ach ba le dóchas a chuireamar tús leis an mbliain, dóchas go mbeidh todhchaí níos fearr ann a bhuí leis an vacsaín. I mbliana, díreofar ar dháileoga den vacsaín a thabhairt don uile dhuine agus ar an instealladh a áitiú ar dhaoine. De réir mar a dhéanfar dul chun cinn ina leith sin, díreofar níos mó ar théarnamh agus ar Eoraip iar-COVID-19 a thógáil.

Chuaigh an Phortaingéil i mbun na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 1 Eanáir agus cur chuige níos leithne agus réamhbhreathnaitheach glactha aici, is léir. Féachfaidh Liospóin le téarnamh cothrom, glas agus digiteach a chur ar bun d’fhonn a cuid tosaíochtaí a bhaint amach, is iad sin an ghéarchéim eacnamaíoch a chomhrac agus impleachtaí na géarchéime a mhaolú do na saoránaigh.

Is díol sásaimh do CESE na tosaíochtaí sin agus tá sé i gceist againn cabhrú leis an bPortaingéil beart a dhéanamh de réir briathair trí thústuairimí arna n-iarraidh ag Uachtaránacht na Portaingéile a dhréachtú. Tabharfaimid aghaidh ar ábhar na teilea-oibre agus féachfaimid ar an ábhar sin ó thaobh comhionannas inscne de chomh maith. Oibreoidh ár gcomhaltaí ar thuairimí maidir leis an ngairmoiliúint agus maidir leis na dúshláin atá roimh an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid.

Ábhar tuairime eile arna hiarraidh is ea ról an gheilleagair shóisialta i gcruthú post agus i gcur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ar ábhar na ngnóthaí sóisialta, táim an-dóchasach faoi Chruinniú Mullaigh neamhfhoirmiúil an Aontais Eorpaigh atá le reáchtáil in Porto i mí na Bealtaine 2021. Tá CESE toilteanach leanúint de bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Go deimhin, ós mórthreochtaí ríthábhachtacha iad an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú, leanfaimid leis an obair atá idir láimhe againn sna réimsí sin. Mar a tugadh le fios i dtosaíochtaí na huachtaránachta seo, ní mór dúinn a chinntiú go mbainfidh an tAontas trí chéile tairbhe as an aistriú sin, agus saoránaigh an Aontais go háirithe.

Is é 2021 an chéad bhliain de bhuiséad nua fadtéarmach an Aontais agus, chomh maith leis sin, is í an bhliain í ina gcuirfear ar fáil na cistí eisceachtúla atá ar feitheamh faoin gCiste Téarnaimh “Next Generation EU”. Is mian le CESE faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcistí sin ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh saineolas ár gcomhaltaí cabhrú le baic a aithint maidir le scaoileadh na gcistí agus cabhrú le measúnú a dhéanamh ar thionchar na gcistí eisceachtúla sin ar an téarnamh. Baineann an-tábhacht go fóill le rochtain thapa ar mhaoiniú.

Ar an drochuair, is cosúil nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá súil agam go dtabharfar an díospóireacht idirinstitiúideach maidir leis sin i gcrích go luath ionas gur féidir linn tuairim na sochaí sibhialta ina leith a lorg agus a chur leis an bplé.

Agus an meall mór ar deireadh, leanfaimid orainn le híomhá ár n-institiúide a athmhúnlú. Mar a gealladh ag tús mo thréimhse mar Uachtarán, táimid ag obair chun caighdeáin eitice agus trédhearcacht a neartú trí Chód Iompair níos fearr.

Tá súil agam go mbainfidh sibh go léir taitneamh as an nuachtlitir seo a léamh agus guím gach rath oraibh le haghaidh 2021! Go mbeire an bhliain seo romhainn tuilleadh intuarthachta, tuilleadh síochána agus tuilleadh áthais chugainn uile.

Christa Schweng

Uachtarán CESE