le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Tionólfaidh Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE comhdháil sa Bhruiséil an 25 Márta ó 2.30 p.m. go 6.00 p.m. CET chun féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an Aontas ina iomláine agus leis na Ballstáit aonair oibriú i dtreo idirphlé sibhialta agus daonlathas rannpháirtíochta atá éifeachtach agus inbhuanaithe

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Tionólfaidh Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE comhdháil sa Bhruiséil an 25 Márta ó 2.30 p.m. go 6.00 p.m. CET chun féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an Aontas ina iomláine agus leis na Ballstáit aonair oibriú i dtreo idirphlé sibhialta agus daonlathas rannpháirtíochta atá éifeachtach agus inbhuanaithe

I measc na n-aoichainteoirí beidh:

  • Pedro Silva Pereira, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, atá ag teacht in ionad Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, chun teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar na saoránaigh, agus
  • Willem van de Voorde, a Shoilse, Ambasadóir na Beilge agus Buanionadaí na Beilge chuig an Aontas Eorpach.

Le linn na comhdhála, cuirfear an dá thionscnamh a leanas i láthair:

  • Tuairim ó CESE dar teideal ‘An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh’ (SOC/782), a dréachtaíodh arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus a glacadh ag seisiún iomlánach CESE an 15 Feabhra;
  • litir oscailte, a fuair tacaíocht ó 156 shínitheoir ó 26 Bhallstát agus a thionscain Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Sochaí Shibhialta na hEorpa. Iarrtar sa litir sin ar phríomhinstitiúidí an Aontais bearta nithiúla a dhéanamh chun idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun feidhme i ngach réimse beartais.

Tabharfar le chéile sa chomhdháil páirtithe leasmhara institiúideacha agus páirtithe leasmhara eile chun machnamh a dhéanamh ar dhóigheanna chun na bearta a mholtar sna tionscnaimh sin agus i dtionscnaimh eile a chur chun feidhme.

Tá an chomhdháil oscailte don phobal. Is gá clárú roimh ré más spéis leat freastal ar an gcomhdháil i bpearsa nó go cianda. Déanfar sruthú ar an imeacht.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, mar shampla, faoin dréachtchlár, faoin gclárú agus faoin sruthú, téigh chuig suíomh gréasáin an imeachta.

le Antonello Pezzini, toscaire de chuid an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha in CESE agus iarchomhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

le Antonello Pezzini, toscaire de chuid an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha in CESE agus iarchomhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

I mí Eanáir seo caite, rinne an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, a chur in iúl an athuair gur gá margadh cosanta inmheánach a chomhdhlúthú chun an tslándáil a chinntiú. Dar leis an Uasal Breton, pointe tosaigh a bhí sna muinisin a cuireadh chun na hÚcráine. Dúirt sé nach mór an cur chuige a leathnú anois agus clár tionsclaíoch Eorpach mórscála a bhunú i réimse na cosanta, ceann a bheadh in ann tacú le leathnú bhonn tionsclaíoch na hEorpa agus an bonneagar is gá a fhorbairt chun limistéir atá ina n-ábhar achrainn a chosaint.

Tá sé curtha in iúl go minic cheana ag CESE go bhfuil gá le Clár Eorpach Forbartha Tionscal i Réimse na Cosanta arbh é is aidhm dó comhchóras cosanta a chruthú a bheadh idir-inoibritheach agus comhtháite.

Is práinní fós an cuspóir sin i bhfianaise staid gheopholaitiúil an lae inniu, ceann a éilíonn orainn uathriail straitéiseach na hEorpa a neartú i réimse na cosanta agus comhbhonn láidir tionsclaíoch agus teicneolaíoch a fhorbairt.

Ba cheart an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i Réimse na Cosanta a bhunú ar chomhfhís straitéiseach don tionscal cosanta a dhéanfadh dul chun cinn i dtreo chomhtháthú éifeachtach na monaróirí agus na n-úsáideoirí san Eoraip, agus trí Bhallstát ar a laghad a bheith páirteach ann.

Is ag teacht chun cinn agus ag dul i méid atá an gá le hidirphlé struchtúrtha ar an leibhéal Eorpach, i gcomhar agus i gcomhordú le ECAT, mar aon le comhairle de chuid na n-airí cosanta a thabharfadh ceannaireacht pholaitiúil leanúnach agus a bheadh ina fóram comhairliúcháin a ghlacfadh cinntí thar ceann na hEorpa agus ar a son.

Ní mór do na forálacha reachtúla an méid a leanas a áirithiú: go mbeadh cothromaíocht ann idir tíortha móra agus tíortha beaga; gur ghnólachtaí beaga iad 20 % de na gnólachtaí atá rannpháirteach ann; go gcuirfí oiliúint ar fáil do na baill foirne oilte agus i gcás próifílí poist nua; agus go mbeadh athoiliúint ar fáil do na baill foirne nach bhfuil feidhm a thuilleadh leis na scileanna atá acu.

Tá sé in am an cur chuige a leathnú agus a neartú agus clár tionsclaíoch Eorpach mórscála a bhunú i réimse na cosanta, ceann a bheadh in ann tacú le leathnú bhonn tionsclaíoch na hEorpa trí earraí ‘dé-úsáide’ a fhorbairt. Is earraí iad sin, lena n-áirítear bogearraí agus earraí teicneolaíochta, is féidir a úsáid chun críoch sibhialta agus míleata araon agus áirítear leo earraí is féidir a úsáid chun airm cheimiceacha, airm bhitheolaíocha agus modhanna seachadta na n-arm úd a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh nó a úsáid.

Tá an leagan iomlán den alt seo ar fáil i nuachtlitir Ghrúpa Fhostóirí CESE: https://europa.eu/!yKMPTk

I ndíospóireacht le Leas-Uachtarán an Choimisiúin agus leis an gCoimisinéir um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht Dubravka Šuica, d’iarr CESE go mbeidh straitéis maidir leis an idirphlé sibhialta mar chéad chéim i dtreo ról na sochaí sibhialta a neartú agus rannpháirtíocht na saoránach i gceapadh beartais an Aontais a mhéadú.

I ndíospóireacht le Leas-Uachtarán an Choimisiúin agus leis an gCoimisinéir um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht Dubravka Šuica, d’iarr CESE go mbeidh straitéis maidir leis an idirphlé sibhialta mar chéad chéim i dtreo ról na sochaí sibhialta a neartú agus rannpháirtíocht na saoránach i gceapadh beartais an Aontais a mhéadú.

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a éilimh chun tosaigh sa tuairim An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh, tuairim a glacadh go gairid tar éis na díospóireachta a tionóladh ag seisiún iomlánach CESE an 15 Feabhra.

Leagadh béim inti ar a phráinní atá sé dlús a chur le cur chun feidhme Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), faoina bhfuil freagracht chomhpháirteach ar na hinstitiúidí a áirithiú go mbeidh an tsochaí shibhialta eagraithe rannpháirteach go gníomhach i ndlíthe an Aontais a fhoirmliú.

Ba cheart é sin a dhéanamh mar obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ar thionscnamh suntasach agus mórchleachtadh daonlathach é, a raibh sraith díospóireachtaí faoi stiúir na saoránach maidir le hábhair a dhéanann difear díreach dóibh ina saol mar chuid de.

Dar le hUachtarán CESE, Oliver Röpke, is féidir linn ar fad aontú nach mór guthanna na saoránach a chloisteáil taobh amuigh de na toghcháin amháin. Dúirt sé nach mór dúinn uile, in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais, díriú níos mó ar ról a thabhairt don tsochaí shibhialta san idirphlé fóinteach seachas díreach faisnéis a thabhairt agus comhairliúchán a lorg.

Chun Aontas Eorpach atá níos trédhearcaí, níos cuimsithí agus níos daonlathaí a thógáil, tá gá le rannpháirtíocht shibhialta mhéadaithe agus le comhpháirtíocht láidir idir institiúidí an Aontais agus comhlachtaí rialaithe náisiúnta. Ba dhíol béime ag an gCoimisinéir Šuica go n-áiritheoidh ár n-iarrachtaí comhchoiteanna go leanfaidh an tAontas de bheith ina ghníomh dóchais agus ina shamhail den daonlathas rannpháirteach don domhan.

Luaigh rapóirtéir na tuairime, Pietro Barbieri, go bhfuil CESE ag iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha, trí bhíthin na tuairime seo, céim nithiúil chun tosaigh a ghlacadh, is é sin straitéis le haghaidh idirphlé sibhialta a ghlacadh, rud a chuirfidh dlús le plean gníomhaíochta agus le comhaontú idirinstitiúideach lena mbaineann gach leibhéal den Aontas. Dúirt sé freisin gur léir ó thiomantas CESE gur géarghá é seo nach féidir a shéanadh ná a chur ar athló.

Chuir an comhrapóirtéir, Miranda Ulens in iúl go bhfuil dea-chleachtais againn cheana féin don idirphlé sóisialta. Dúirt sí go gcinnteofar leis na tograí gur féidir guthanna eagraíochtaí dlisteanacha agus ionadaíocha eile a chloisteáil freisin, agus mhol sí fíor-Eoraip dhaonlathach a chruthú dá saoránaigh. #TogetherStrong! (ll)

An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2024

Document Type
AS

I dtreo straitéis chuimsitheach le haghaidh thionscal an adhmaid san Aontas

Document Type
AS
Ní mór d’Institiúidí Eorpacha an tsochaí a aithint, páirt a thabhairt di agus tacú léi mar chuid d’Idirphlé Sibhialta struchtúrtha

Beartas eacnamaíoch an limistéir euro2024

Document Type
AC

Aghaidh a thabhairt ar thionchar an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil ar an tsíocháin, ar an tslándáil agus ar an gcosaint

Document Type
AS

Pleanáil bonneagair fuinnimh trasteorann

Document Type
AS