The EESC issues between 160 and 190 opinions, evaluation and information reports a year.
It also organises several annual initiatives and events with a focus on civil society and citizens’ participation such as the Civil Society Prize, the Civil Society Days, the Your Europe, Your Say youth plenary and the ECI Day.
Here you can find news and information about the EESC'swork, including its social media accounts, the EESC Info newsletter, photo galleries and videos.
The EESC brings together representatives from all areas of organised civil society, who give their independent advice on EU policies and legislation. The EESC's326 Members are organised into three groups: Employers, Workers and Various Interests.
The EESC has six sections, specialising in concrete topics of relevance to the citizens of the European Union, ranging from social to economic affairs, energy, environment, external relations or the internal market.
Agus ardú scanrúil ag teacht ar líon na gcásanna ailse agus na mbásanna a raibh baint ag an ailse leo ar fud an Aontais, éilíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) bearta coiscthe ailse a bhfuil géarghá leo, ó meastar gur féidir tuairim is 40 % de na cásanna ailse a chosc.
Agus ardú scanrúil ag teacht ar líon na gcásanna ailse agus na mbásanna a raibh baint ag an ailse leo ar fud an Aontais, éilíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) bearta coiscthe ailse a bhfuil géarghá leo, ó meastar gur féidir tuairim is 40 % de na cásanna ailse a chosc.
I seisiún iomlánach mhí na Bealtaine, ghlac CESE tuairim a chuir fáilte roimh an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hailsí inchoiscthe trí vacsaíniú mar thionscnamh leantach ar Phlean Sáraithe Ailse an Aontais.
Díríodh sa tuairim ar an vacsaíniú in aghaidh an phapalómaivíris dhaonna (HPV) agus heipitíteas B (HPV), ós rud é go bhféadfadh an vacsaíniú cosc a chur ar chineálacha éagsúla ailse arb iad na víris sin is cúis leo.
Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le faisnéis, oideachas, agus cumarsáid chuí a spreagfadh na spriocghrúpaí chun vacsaínithe. Leagann sé béim freisin ar ról tábhachtach na ndochtúirí ginearálta, na ndochtúirí teaghlaigh, na lianna scoile, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta san iarracht seo.
Bhí an méid a leanas le rá ag Milena Angelova, a bhí ina rapóirtéir don tuairim Ailsí inchoiscthe trí vacsaíniú: ‘Ní mór dúinn cur i gcoinne an stiogma agus na míthuiscintí a bhaineann leis na vacsaíní. Ceann de na míthuiscintí, cuir i gcás, ná gur do na cailíní óga amháin an vacsaíniú. Níl sé sin fíor, áfach. Má táthar chun deireadh a chur leis na víris seo (HPV agus HBV), ní mór dúinn na buachaillí agus na tuismitheoirí a thabhairt linn freisin’. Is gá go mbeadh teacht ag gach duine ar na vacsaíní.
Tá sé an-tábhachtach ‘dul chun cinn an amhrais a iompú droim ar ais’, arsa an comhrapóirtéir Sára Felszeghi. An mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis a chomhrac, is cuid lárnach é sin de chur chun cinn an vacsínithe i measc na ndaoine.
Éilíonn CESE cur chuige cuimsitheach d’fhonn an ailse a chloí, maille le córas comhtháite a d’fheidhmeodh gan tuisliú don chosc den uile chineál, lena n-áirítear an cosc príomhúil (an vacsaíniú, nósanna maireachtáila folláine), an cosc tánaisteach (an scagthástáil), agus an cosc treasach (an cúram agus an t-athshlánú).
Chuir an comhalta Angelova in iúl an athuair gur gá do na Ballstáit a thuilleadh comhordaithe a dhéanamh agus an dea-chleachtas a roinnt chun an comhrac i gcoinne na hailse a dhéanamh níos éifeachtaí agus an vacsaíniú a chur chun cinn ar fud an Aontais. Tá sé thar a bheith tábhachtach cosc na hailse a bheith ina thosaíocht pholaitiúil. (sg)
Agus ardú scanrúil ag teacht ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht, tá an tsochaí shibhialta, na saoránaigh agus na hinstitiúidí ag teacht le chéile agus ag cur dlús leis an ngníomhaíocht i gcoinne gach cineál fuatha chun a chur in iúl nach nglacfar leis an bhfuath san Aontas Eorpach.
Agus ardú scanrúil ag teacht ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht, tá an tsochaí shibhialta, na saoránaigh agus na hinstitiúidí ag teacht le chéile agus ag cur dlús leis an ngníomhaíocht i gcoinne gach cineál fuatha chun a chur in iúl nach nglacfar leis an bhfuath san Aontas Eorpach.
Tá páirt á glacadh ag CESE in iarrachtaí an Aontais chun srian a chur leis an bhfuath san Aontas atá ag ardú go tobann, rud ar cúis mhór imní é. Táthar ag díriú níos mó agus níos mó ar ghrúpaí agus ar dhaoine aonair mar gheall ar a gcreideamh, a mbunadh ciníoch nó eitneach, a n-inscne, a ngnéaschlaonadh nó a gcreideamh polaitiúil.
Tá CESE, in éineacht leis na saoránaigh agus leis na hinstitiúidí, tiomanta níos mó a dhéanamh le cur in éadan an fhuatha ar líne agus as líne. Chuir CESE an méid sin in iúl le linn díospóireacht ardleibhéil ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí na Bealtaine, inar ghlac sé an tuairim Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha, ina gcáintear gach cineál fuatha agus ina moltar an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an ábhar céanna.
‘Tá sé de chúram orainn go léir cur i gcoinne an fhuatha’, a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus tús á chur aige leis an díospóireacht ag seisiún iomlánach CESE. Chun dul i ngleic leis go héifeachtach, ní mór dúinn ar fad oibriú le chéile – na polaiteoirí, an tsochaí shibhialta agus na saoránaigh. Trí ghníomhú le chéile agus trí idirphlé a chothú, agus sin amháin, is féidir linn an lámh in uachtar a fháil agus dul i ngleic leis an naimhdeas atá ag ardú sa tsochaí, ar fíorbhagairt é ar an daonlathas.’
Thug an díospóireacht príomhoifigigh rialtais an Choimisiúin Eorpaigh agus na Beilge, agus ionadaithe na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta le chéile (lena n-áirítear ILGA-Europe agus an Líonra Eorpach i gcoinne an Chiníochais (ENAR)), a leag béim ar an méadú ar an bhfuath agus ar an bhforéigean.
I ngeall ar na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar pholaiteoirí, tugadh chun solais go bhfuil deighiltí doimhne ann laistigh de shochaí na hEorpa. Léirítear sna figiúirí gur tháinig méadú faoi dhó ar theachtaireachtaí ioslamafóibe agus frithsheimíteacha in 2023. Is ar dhaoine LGBTQIA+, ar dhaoine de bhunús na hAfraice agus ar imircigh a dhírítear den chuid is mó. Tá an fuath ban ag tarlú ar ráta ard freisin. Léirítear in anailís a rinneadh le déanaí ar theachtaireachtaí ar líne san Aontas go bhfuil méadú 30 % tagtha ar thocsaineacht an fhuatha ó thús 2023.
‘Is léir go gcuireann na luachanna a leagtar amach i gConradh an Aontais Eorpaigh cosc ar an bhfuathchoireacht agus ar an bhfuathchaint. Ar an drochuair, tá méadú tagtha ar an dá ghné sin le déanaí’, a dúirt Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht Dubravka Šuica.
Sa tuairim uaidh, d’iarr CESE ar an Aontas cur chuige cuimsitheach a ghlacadh chun dul i ngleic leis an bhfuath atá bunaithe ar aon saintréithe daonna atá faoi chosaint, agus leas a bhaint as an gcur chuige céanna chun dul i ngleic le ‘gach cineál fuatha’. (ll)
Stop a chur le dúshaothrú na n-oiliúnaithe (le Nicoletta Merlo)
Léargas ar an óige san Aontas Eorpach: tá an tionscnamh ceannródaíoch de chuid CESE, Promhadh na hóige ar bheartais an Aontais, ag dul ó neart go neart
Mar a bhaineann Tionól Náisiúnta na Fraince leas as vótáil na n-óg (le Christophe Préault, Touteleurope.eu)
Cén bealach le teagmháil a choinneáil le Glúin ‘TikTok’? (le Rieke Smit, Social News Daily / #UseTheNews)
Ar an 26 Bealtaine, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa páirt sa 44ú eagrán den rás 20 km sa Bhruiséil inar rith an líon is mó reathaithe dá bhfacthas riamh ag an imeacht agus 45 330 lúthchleasaí ag an líne tosaigh. Bhí CESE mar chuid den Choiste Eagrúcháin Idirinstitiúideach Running for Europe, a rith sa rás chun saoránaigh a spreagadh le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha faoin mana ‘Úsáid do Vóta’. Bhí an Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Laurenţiu Plosceanu, chomh maith le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó Pharlaimint na hEorpa, ann ag líne tosaigh an ráis. Ba é Alex Kibet ón gCéinia an chéad duine chun an ráschúrsa a chríochnú agus d’éirigh leis an 20 km a rith i 59 nóiméad agus 57 soicind, agus ba í Sophie Hardy, ón mBeilg, an bhean is gasta, agus chríochnaigh sise an rás in 1 uair an chloig 10 nóiméad agus 56 soicind.
Ar an 26 Bealtaine, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa páirt sa 44ú eagrán den rás 20km sa Bhruiséil inar rith an líon is mó reathaithe dá bhfacthas riamh ag an imeacht agus 45 330 lúthchleasaí ag an líne tosaigh. Bhí CESE mar chuid den Choiste Eagrúcháin Idirinstitiúideach Running for Europe, a rith sa rás chun saoránaigh a spreagadh le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha faoin mana ‘Úsáid do Vóta’. Bhí an Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Laurenţiu Plosceanu, chomh maith le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó Pharlaimint na hEorpa, ann ag líne tosaigh an ráis. Ba é Alex Kibet ón gCéinia an chéad duine chun an ráschúrsa a chríochnú agus d’éirigh leis an 20 km a rith i 59 nóiméad agus 57 soicind, agus ba í Sophie Hardy, ón mBeilg, an bhean is gasta, agus chríochnaigh sise an rás in 1 uair an chloig 10 nóiméad agus 56 soicind.
Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha