Athbhreithniú ar an Treoir maidir le Taisteal Láneagraithe

Document Type
AC

Tuarascáil 2023 ar an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach

Document Type
AS

Tuarascáil 2023 ar an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach

Document Type
AC

Straitéis iomaíochais san fhadtéarma

Document Type
AC

Bhí pacáiste an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cosaint an Daonlathais ina ábhar díospóireachta ag seisiún iomlánach CESE i mí Aibreáin. Tá amhras curtha in iúl ag comhaltaí CESE faoina bhfuil an t-am ceart ann agus an cur chuige ceart roghnaithe don phacáiste, go háirithe maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchar eachtrach. D’áitigh CESE nach bhfuil an pacáiste éifeachtach, ach, níos measa fós, go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do spásanna sibhialta san Eoraip freisin.

Bhí pacáiste an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cosaint an Daonlathais ina ábhar díospóireachta ag seisiún iomlánach CESE i mí Aibreáin. Tá amhras curtha in iúl ag comhaltaí CESE faoina bhfuil an t-am ceart ann agus an cur chuige ceart roghnaithe don phacáiste, go háirithe maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchar eachtrach. D’áitigh CESE nach bhfuil an pacáiste éifeachtach, ach, níos measa fós, go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do spásanna sibhialta san Eoraip freisin.

D’ainneoin go bhfuil sé beartaithe leis an bpacáiste maidir le cosaint an daonlathais an trédhearcacht agus an chuntasacht dhaonlathach a fheabhsú san Eoraip, measann CESE go bhfuil locht mór air. Áitíonn sé go bhfuil an pacáiste i bhfad ródhéanach chun aon fhíorthionchar a imirt ar thoghcháin Eorpacha 2024 atá ar na bacáin agus gur theip air aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an Coiste roimhe seo maidir le daonlathas na hEorpa a neartú.

Is é a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, maidir leis na ‘dainséir’ atá ann dár ndaonlathais go bhfuil sé tábhachtach béim a leagan ar fhreagairt láidir an Aontais agus ar dhea-theist an Choimisiúin reatha maidir le cosaint an daonlathais, na gceart bunúsach agus an smachta reachta. Dúirt sé freisin gur éist CESE leis na hábhair imní a chuir go leor gníomhaithe sa tsochaí shibhialta in iúl maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an bpacáiste, agus nár mhór dúinn teacht ar chur chuige coiteann chun cosaint an daonlathais agus na coimircí uile a theastaíonn a úsáid le chéile chun an spás sibhialta a chaomhnú.

Cé go dtacaíonn CESE le cuspóirí trédhearcachta na treorach atá beartaithe maidir le brústocaireacht a dhéantar thar ceann tríú tíortha, tá sé go mór i gcoinne na modhanna atá beartaithe, agus rabhadh á thabhairt aige i gcoinne tionchar neamhbheartaithe ar na spásanna sibhialta. Dúirt Christian Moos, rapóirtéir na tuairime An pacáiste maidir le cosaint an daonlathais, go bhfuiltear den tuairim go bhfuil an treoir sin contúirteach. Seo mar a labhair sé: ‘Tá sé ar nós dlí ‘gníomhairí eachtracha’. D’fhéadfadh sé eagraíochtaí neamhrialtasacha a stiogmatú. Is léir gur cheart an togra reatha a tharraingt siar. Tá an baol ann go gcuirfidh sé leis an bhfadhb a bhaineann le laghdú na spásanna sibhialta san Eoraip, agus is rud é sin nach mbeadh ag teastáil go deo ón gCoimisiún.’

Chuir an comhrapóirtéir José Antonio Moreno Díaz amhras in iúl maidir le cumas an phacáiste aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna leis an lagú ar an daonlathas laistigh de theorainneacha AE. Trí dhíriú go róchúng ar bhagairtí seachtracha, déantar neamhaird sa phacáiste ar na hiarrachtaí fealltacha atá á ndéanamh chun na daonlathais san Aontas a dhíchobhsú ón taobh istigh, rud a chruthaíonn laige chontúirteach.

Tuigeann an Coimisiún go bhfuil ábhair imní ann faoi thionchar an phacáiste ar eagraíochtaí neamhrialtasacha ach creideann sé go bhfuil coimircí i bhfeidhm a chosnóidh iad. (gb)

Le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta

Is éard atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) a mholadh don téarma nua oifige go dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin phráinneacha agus fhadtéarmacha, go gcuirfí beartais an Aontais atá ann cheana chun feidhme mar is ceart agus go neartófaí luachanna an Aontais. Tá an t-idirphlé sibhialta struchtúrtha agus clár oibre sóisialta láidir ar bharr liosta a dtosaíochtaí freisin.

Le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta

Is éard atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) a mholadh don téarma nua oifige go dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin phráinneacha agus fhadtéarmacha, go gcuirfí beartais an Aontais atá ann cheana chun feidhme mar is ceart agus go neartófaí luachanna an Aontais. Tá an t-idirphlé sibhialta struchtúrtha agus clár oibre sóisialta láidir ar bharr liosta a dtosaíochtaí freisin.

An 16 Aibreán, reáchtáil Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE comhdháil dar teideal Building Together the EU We Want [An cineál Aontais Eorpaigh atá uainn a thógáil i gcomhar le chéile]. Ag an ócáid, tugadh le chéile ionadaithe ó ESSanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach a phléigh na tosaíochtaí polaitiúla atá acu in oirchill na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa atá ag teannadh linn agus i bhfianaise shíniú dhearbhú idirinstitiúideach La Hulpe maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Ag oscailt na comhdhála dó, chuir Séamus Boland, cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, in iúl gur saoth leis nach bhfuil mórán polaiteoirí ó na príomhpháirtithe náisiúnta ag iarraidh an tAontas Eorpach a phlé le vótálaithe. Ar an ábhar sin, ní thuigeann vótálaithe cén fáth a bhfuil gá leis an Aontas agus ní léiriú í polaitíocht an Aontais Eorpaigh i gcónaí ar na nithe is mó is cás leo. Dá thoradh sin, tá bearna chontúirteach ann idir an pobal i gcoitinne agus an tAontas Eorpach, rud a d’fhéadfadh mórchuid daoine a spreagadh chun vóta a chaitheamh ar son páirtithe antoisceacha. ‘Is éard atá ag teastáil go práinneach anois ná go gcuirfeadh na polaiteoirí náisiúnta agus Eorpacha na fadhbanna atá le sárú ag an Aontas trí chéile leis an bpobal i bhfoirm díospóireacht oscailte, sin agus an méid ba cheart a dhéanamh chun iad a réiteach. Is ar an gcuma sin amháin is féidir linn a chur ina luí orthu go bhfuil an tAontas Eorpach ag obair ar son an mhóraimh agus go bhfuil deiseanna á gcruthú aige do chách i dtólamh.’

Is féidir conclúidí agus moltaí na comhdhála a léamh agus a roinnt anseo, áit a ndírítear ar an méid seo a leanas:

  • Cén fáth a bhfuil toghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa tábhachtach: uair na cinniúna don Aontas Eorpach
  • An cineál Aontais Eorpaigh atá uainn a thógáil i gcomhar le chéile: Aontas daonlathach cuimsitheach atá bunaithe ar an gceartas sóisialta agus ar an gcosaint shóisialta
  • An cineál Aontais Eorpaigh atá uainn a thógáil i gcomhar le chéile: geilleagar inbhuanaithe atá bunaithe ar aistrithe cothroma agus ar phoist ardcháilíochta
  • An tsochaí shibhialta, na saoránaigh agus an óige a chur i gcroílár Eoraip an lae amárach

Cuirfear na conclúidí agus na moltaí sin san áireamh i rún ó CESE ina mbeidh tograí beartais don chéad téarma oifige eile de Pharlaimint na hEorpa agus den Choimisiún Eorpach, rún atá le glacadh i mí Iúil 2024.

Tá tuilleadh eolais le fáil sa phreaseisiúint maidir leis an gcomhdháil. 

Más spéis leat ealaín na Beilge, buail isteach chuig an taispeántas Before our very eyes in Aitriam 6 d’fhoirgneamh Jacques Delors in CESE, Rue Belliard 99, roimh an 28 Meitheamh.

Más spéis leat ealaín na Beilge, buail isteach chuig an taispeántas Before our very eyes in Aitriam 6 d’fhoirgneamh Jacques Delors in CESE, Rue Belliard 99, roimh an 28 Meitheamh.

Is ann a bheidh lón súl agus lón machnaimh daoibh i saothar triúir de lucht ealaíne na Beilge: Luk Vander PlaetseHugues Legros agus Thibault Choquel

Grianghrafadóireacht, ealaín ghrafach agus dearthóireacht a chleachtann an triúr, agus trí bhíthin a gcuid grianghraf, cuirfidh siad áilleacht an ghnáthruda ar bhur súile daoibh. Before our very eyes: ‘músclóidh sé filíocht an duine ionat idir mhín agus fhiáin, filíocht a bhfuil iliomad seánraí agus daoine fite fuaite ina chéile ann’.

Is iad comhaltaí CESE na Beilge a d’eagraigh an taispeántas le tacaíocht ó fhoireann comhordaitheoirí. Is cuid d’Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá sa taispeántas, uachtaránacht dár críoch 1 Iúil 2024. Dar le lucht a heagraithe gur deis atá san uachtaránacht le béascna na tíre a chur i láthair, sin agus le cultúr na Beilge a chur chun cinn laistigh den Eoraip agus san iasacht araon. (ll)

  • Eiseamláir den vótáil inrochtana a dhéanamh de na toghcháin Eorpacha: tá sé romhall an babhta seo
  • Méadú – an uirlis bheartais is cumhachtaí agus is rathúla atá ag an Aontas, le Pat Cox
  • Aontachas na Macadóine Thuaidh san Aontas Eorpach: na dúshláin, na gealltanais agus an bealach chun cinn
  • Jaroslaw Pietras: Méadú ollmhór an Aontais Eorpaigh – 20 bliain tar éis a tharlaithe
Grúpa um an gComhionannas

Sliocht as agallamh a rinne iris Chónaidhm Fhiontair na Fionlainne, Yrittäjä, le Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí Stefano Mallia

Is gearr uainn na toghcháin Eorpacha. I mí an Mheithimh, toghfaidh saoránaigh Bhallstáit an Aontais a n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa, a fheidhmeoidh sainordú cúig bliana. Nuair a cuireadh ceist ar Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE, faoin dúshlán is mó a bheidh roimh fhiontraithe na hEorpa as seo go ceann cúig bliana, níor ghá dó mórán machnaimh a dhéanamh ar a fhreagra.

Sliocht as agallamh a rinne iris Chónaidhm Fhiontair na Fionlainne, Yrittäjä, le Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí Stefano Mallia

Is gearr uainn na toghcháin Eorpacha. I mí an Mheithimh, toghfaidh saoránaigh Bhallstáit an Aontais a n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa, a fheidhmeoidh sainordú cúig bliana. Nuair a cuireadh ceist ar Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE, faoin dúshlán is mó a bheidh roimh fhiontraithe na hEorpa as seo go ceann cúig bliana, níor ghá dó mórán machnaimh a dhéanamh ar a fhreagra.

– ‘An t-aistriú glas’, ar seisean.

Dar le Stefano Mallia, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh rath ar ghnólachtaí mar chuid den aistriú chuig geilleagar agus fás atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

‘Ní mór an t-aistriú glas a chur chun feidhme ar bhealach a fhágfaidh gur féidir gnólachtaí a chur ar bun agus a fhorbairt. Nuair a éiríonn go maith le gnólachtaí, éiríonn go maith leis an tsochaí ina hiomláine freisin. Cruthaíonn gnólachtaí poist agus gineann siad ioncam cánach don tsochaí.

An rómhaorlathas a laghdú

Rud atá ar cheann de phríomhchúraimí Ghrúpa na bhFostóirí in CESE le blianta beaga anuas is ea iarracht a dhéanamh chun an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú go suntasach. Luaigh Stefano Mallia go raibh sé tábhachtach go dtuigfeadh an Coimisiún, i measc nithe eile, gur cheart deireadh a chur leis na hoibleagáidí tuairiscithe iomadúla atá ar FBManna.

– Gach uair a bhíonn reachtaíocht nua á dréachtú, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear iomaíochas na ngnólachtaí san áireamh. Ní mór aird a thabhairt ar conas is féidir a áirithiú go mbeidh na gnólachtaí in ann fás.

An tábhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha

Cé go n-aithníonn Stefano Mallia go bhfuil a chuid dúshlán agus fadhbanna féin ag an Aontas Eorpach, creideann sé go bhfuil an-chuid bainte amach ag an Aontas ina iomláine.

– Ba cheart d’fhiontraithe vóta a chaitheamh ionas go mbeidh daoine sa Pharlaimint a bheidh ag faire amach do ghnólachtaí agus d’fhiontraithe. Staonadh ó vóta a chaitheamh, is ionann sin agus an chumhacht chinnteoireachta a thabhairt do dhaoine eile. Trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha, is féidir teacht i gcumhacht grúpaí antoisceacha a chosc.

Is féidir teacht ar an agallamh iomlán anseo: https://www.yrittajat.fi/uutiset/eu-vaikuttaja-stefano-mallia-vihrea-siirtyma-toteutettava-niin-etta-samaan-aikaan-yrityksia-voidaan-perustaa-ja-ne-voivat-kasvaa/