European Economic
and Social Committee
‘Ós comhair ár dhá súil’ – blaiseadh d’ealaín na Beilge in CESE
Más spéis leat ealaín na Beilge, buail isteach chuig an taispeántas Before our very eyes in Aitriam 6 d’fhoirgneamh Jacques Delors in CESE, Rue Belliard 99, roimh an 28 Meitheamh.
Is ann a bheidh lón súl agus lón machnaimh daoibh i saothar triúir de lucht ealaíne na Beilge: Luk Vander Plaetse, Hugues Legros agus Thibault Choquel.
Grianghrafadóireacht, ealaín ghrafach agus dearthóireacht a chleachtann an triúr, agus trí bhíthin a gcuid grianghraf, cuirfidh siad áilleacht an ghnáthruda ar bhur súile daoibh. Before our very eyes: ‘músclóidh sé filíocht an duine ionat idir mhín agus fhiáin, filíocht a bhfuil iliomad seánraí agus daoine fite fuaite ina chéile ann’.
Is iad comhaltaí CESE na Beilge a d’eagraigh an taispeántas le tacaíocht ó fhoireann comhordaitheoirí. Is cuid d’Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá sa taispeántas, uachtaránacht dár críoch 1 Iúil 2024. Dar le lucht a heagraithe gur deis atá san uachtaránacht le béascna na tíre a chur i láthair, sin agus le cultúr na Beilge a chur chun cinn laistigh den Eoraip agus san iasacht araon. (ll)