European Economic
and Social Committee
#EUelections2024: eagraíochtaí na sochaí sibhialta i mbun plé faoin gcineál Aontais Eorpaigh atá uathu agus i mbun tosaíochtaí a mholadh don téarma nua oifige
Le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta
Is éard atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) a mholadh don téarma nua oifige go dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin phráinneacha agus fhadtéarmacha, go gcuirfí beartais an Aontais atá ann cheana chun feidhme mar is ceart agus go neartófaí luachanna an Aontais. Tá an t-idirphlé sibhialta struchtúrtha agus clár oibre sóisialta láidir ar bharr liosta a dtosaíochtaí freisin.
An 16 Aibreán, reáchtáil Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE comhdháil dar teideal Building Together the EU We Want [An cineál Aontais Eorpaigh atá uainn a thógáil i gcomhar le chéile]. Ag an ócáid, tugadh le chéile ionadaithe ó ESSanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach a phléigh na tosaíochtaí polaitiúla atá acu in oirchill na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa atá ag teannadh linn agus i bhfianaise shíniú dhearbhú idirinstitiúideach La Hulpe maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.
Ag oscailt na comhdhála dó, chuir Séamus Boland, cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, in iúl gur saoth leis nach bhfuil mórán polaiteoirí ó na príomhpháirtithe náisiúnta ag iarraidh an tAontas Eorpach a phlé le vótálaithe. Ar an ábhar sin, ní thuigeann vótálaithe cén fáth a bhfuil gá leis an Aontas agus ní léiriú í polaitíocht an Aontais Eorpaigh i gcónaí ar na nithe is mó is cás leo. Dá thoradh sin, tá bearna chontúirteach ann idir an pobal i gcoitinne agus an tAontas Eorpach, rud a d’fhéadfadh mórchuid daoine a spreagadh chun vóta a chaitheamh ar son páirtithe antoisceacha. ‘Is éard atá ag teastáil go práinneach anois ná go gcuirfeadh na polaiteoirí náisiúnta agus Eorpacha na fadhbanna atá le sárú ag an Aontas trí chéile leis an bpobal i bhfoirm díospóireacht oscailte, sin agus an méid ba cheart a dhéanamh chun iad a réiteach. Is ar an gcuma sin amháin is féidir linn a chur ina luí orthu go bhfuil an tAontas Eorpach ag obair ar son an mhóraimh agus go bhfuil deiseanna á gcruthú aige do chách i dtólamh.’
Is féidir conclúidí agus moltaí na comhdhála a léamh agus a roinnt anseo, áit a ndírítear ar an méid seo a leanas:
- Cén fáth a bhfuil toghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa tábhachtach: uair na cinniúna don Aontas Eorpach
- An cineál Aontais Eorpaigh atá uainn a thógáil i gcomhar le chéile: Aontas daonlathach cuimsitheach atá bunaithe ar an gceartas sóisialta agus ar an gcosaint shóisialta
- An cineál Aontais Eorpaigh atá uainn a thógáil i gcomhar le chéile: geilleagar inbhuanaithe atá bunaithe ar aistrithe cothroma agus ar phoist ardcháilíochta
- An tsochaí shibhialta, na saoránaigh agus an óige a chur i gcroílár Eoraip an lae amárach
Cuirfear na conclúidí agus na moltaí sin san áireamh i rún ó CESE ina mbeidh tograí beartais don chéad téarma oifige eile de Pharlaimint na hEorpa agus den Choimisiún Eorpach, rún atá le glacadh i mí Iúil 2024.
Tá tuilleadh eolais le fáil sa phreaseisiúint maidir leis an gcomhdháil.