European Economic
and Social Committee
Breadcrumb
- Home
- Current: An t-aoi gan choinne
An t-aoi gan choinne
Uair sa mhí sa cholún ‘An t-aoi gan choinne’, bíonn pearsa phoiblí faoi leith á cur i láthair againn, ar foinse inspioráide í a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán.
Is iad na haíonna gan choinne atá á gcur i láthair againn i mí Eanáir Maria Demertzis, Leas‑Stiúrthóir ar an meitheal mhachnaimh Eorpach Bruegel a dhéanann sainchúram de chúrsaí geilleagair agus a bunaíodh sa Bhruiséil in 2005, agus Jean-Dominique Giuliani, Uachtarán ar Fhondúireacht Robert Schuman i bPáras. Bunaíodh an fhondúireacht in 1991 tar éis thitim Bhalla Bheirlín agus oibríonn sí ar son lánpháirtiú na hEorpa. Rinne siad cur síos ar na saincheisteanna agus na dúshláin atá roimh Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag an tráth cinniúnach seo i bhforbairt na hEorpa.
Tá Maria Demertzis ina Leas‑Stiúrthóir ar Bruegel. D’oibrigh sí roimhe seo sa Choimisiún Eorpach agus i roinn taighde Bhanc Ceannais na hÍsiltíre. Bhí poist éagsúla aici freisin in Kennedy School of Government in Ollscoil Harvard sna Stáit Aontaithe agus in Ollscoil Strathclyde sa Ríocht Aontaithe, áit a bhfuair sí dochtúireacht san eacnamaíocht. Tá lear mór alt foilsithe aici in irisí acadúla idirnáisiúnta agus rannchuidigh sí go rialta le beartais ón gCoimisiún Eorpach agus ó Bhanc Ceannais na hÍsiltíre a cheapadh.
Tá Jean-Dominique Giuliani ina Uachtarán ar Fhondúireacht Robert Schuman i bPáras ó 2000 i leith. Is iad seo a leanas na poist éagsúla a bhí aige roimhe seo: iar-chomhairleoir speisialta don Choimisiún Eorpach, comhairleoir dlí sa Chomhairle Stáit, stiúrthóir oifig phríobháideach Uachtarán an tSeanaid, René Monory (1992-1998), Ard‑Stiúrthóir ar Ghrúpa Taylor Nelson Sofres (1998-2001) agus Uachtarán ar Institut libre d’étude des relations internationales (ILERI) (2019-2021). Is é bunaitheoir J-DG.com – International Consultants é agus is comhalta é freisin de bhord maoirseachta ARTE France. Tá líon mór saothar foilsithe aige faoin Aontas Eorpach, ina measc ‘La grande bascule – Le XXIe siècle européen’ (2019), agus chomhscríobh sé ‘Atlas permanent de l’Union européenne’ (2021). Is scríbhneoir eagarfhocal é freisin agus scríobhann sé go rialta do mheáin éagsúla. Is minic a labhraíonn sé sa Fhrainc agus níos faide i gcéin faoi shaincheisteanna Eorpacha, agus áirítear é ar dhuine de na saineolaithe is fearr sa réimse sin. (ehp)