An Straitéis Tionsclaíochta Ghlas mar bhunchloch don Chomhaontú Glas don Eoraip

An straitéis nua tionsclaíochta dar teideal ‘An Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip a Nuashonrú’ [COM (2021) 350 final], a foilsíodh an 5 Bealtaine, seo caite, is cinnte go bhfuil sé ar cheann de na príomhdhúshláin atá os comhair an Aontais Eorpaigh. Is é an t-aon deis atá ag na Ballstáit an ghéarchéim seo a shárú ná gníomhú ar bhealach comhordaithe, gan aon duine a fhágáil ar gcúl agus cumas cuideachtaí breisluach a ghiniúint a athbhunú, infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí inbhuanaithe agus poist ardcháilíochta a chothabháil/a chruthú.

Ar leibhéal CESE, ar thionscnamh Rannóg INT agus le tacaíocht na gcathaoirleach rannóige uile, d’oibríomar le chéile chun sraith seimineár a ullmhú ina ndírítear go sonrach ar ábhair a bhaineann leis an straitéis tionsclaíochta i gcomhréir le hacmhainneachtaí gach rannóige, i bhfoirm seimineáir ghréasáin.

An 13 Iúil, d’eagraigh CCMI an chéad seimineár gréasáin ar ‘Ról na n-amhábhar criticiúil chun bonn tionsclaíoch láidir a bhunú’ Beidh an chéad seimineár gréasáin eile, dar teideal ‘Straitéis Tionsclaíochta an Aontais – Cad iad na táscairí le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn?’, ar siúl an 15 Meán Fómhair. Eagrófar na seimineáir ghréasáin atá ar na bacáin mar a leanas: 

18 Deireadh Fómhair 2021 - Seimineár gréasáin ECO: ‘Acmhainní airgeadais a dhíriú i dtreo infheistíochtaí a chomhlíonann critéir comhshaoil, shóisialta agus rialála’

26 Samhain 2021 - Seimineár gréasáin SOC: ‘Aistriú cóir d’oibrithe na dtionscadal Eorpach: dul i ngleic leis na neamhionannais agus leis an idirdhealú agus lena gcothaítear deiseanna le haghaidh athsciliú agus uas-sciliú’

10 Nollaig 2021 - Seimineár gréasáin NAT: ‘Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc: tionscal an bhia a ailíniú le cuspóirí aeráidneodrachta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFI) na Náisiún Aontaithe’.

Eanáir 2022 – Seimineár gréasáin TEN: ‘Foinsí fuinnimh ghlain le haghaidh aistriú cóir chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de’

Feabhra 2022 – Seimineár gréasáin REX: ‘Slabhraí soláthair inbhuanaithe agus táirgeadh earraí a chur ar bun sa bhaile an athuair’

Tabharfar an tsraith imeachtaí sin chun críche mí an Mhárta 2022 nuair a bheidh comhdháil ardleibhéal ar siúl dar teideal ‘Todhchaí Inbhuanaithe d’Earnáil Tionsclaíochta na hEorpa’ Eagrófar an chomhdháil sin in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, agus beidh Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, Margrethe Vestager agus an Coimisinéir Thierry Breton chomh maith le hUachtarán na Fraince a bheidh ann amach anseo rannpháirteach sa chomhdháil.

Tá roinnt mhaith dúshláin ag baint leis an straitéis nua sin, ach ba mhian liom béim a leagan ar na príomhghnéithe seo a leanas:

Is den tábhacht é aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de agus mórchailliúnt reatha na bithéagsúlachta a chur ina ceart. Mura mbeidh straitéis tionsclaíochta ghlas mar bhunchloch don Chomhaontú Glas don Eoraip, ní éireoidh leis an Aontas geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach don chéad ghlúin eile.

Leis an Straitéis Nua Tionsclaíochta ní mór a chinntiú go mbeidh cothromaíocht cheart idir tacaíocht a thabhairt do fhiontair Eorpacha, urramú dar sprioc maidir le haeráidneodracht faoi 2050 agus na tomhaltóirí a spreagadh chun earraí agus seirbhísí inbhuanaithe a úsáid.

Tá an geilleagar ciorclach ríthábhachtach má táthar chun samhail eacnamaíoch na hEorpa don am atá amach romhainn a fhorbairt. Leis an tsamhail sin, ní mór roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise a bheidh inmharthana agus costéifeachtach a fhiosrú agus seasamh níos mó a thabhairt do réitigh fuinnimh ghlain atá díláraithe agus comhoibríoch.

Ní mór an beartas tionsclaíoch a bheith fite fuaite le beartas tráchtála agus eachtrach daingean, rud nach mór dó ar a sheal straitéisí nua a fhorbairt chun rochtain ar na hamhábhair a ráthú. Sa bhreis air sin, ní mór aird ar leith a dhíriú ar earnáil na sláinte ina hiomláine.

Ní mór earnáil tionsclaíochta na hEorpa a dhigiteáil; mura ndéanfar amhlaidh tiocfaidh deireadh léi. Ní mór infheistíochtaí a dhéanamh in earnálacha TFC amhail geilleagar sonraíbhunaithe, idirlíon na rudaí nithiúla, néalríomhaireacht, an intleacht shaorga agus monarú úrscothach, i ngach réigiúin agus i ngach Ballstát.

Is iad na FBManna is mó a bheidh thíos leis an ngéarchéim seo. Ní mór cuidiú leo iad féin a fhorbairt, samhlacha eacnamaíocha nua a fhorbairt agus lucht saothair cáilithe a mhealladh, cuir i gcás trí scair-roghanna a thairiscint do na fostaithe.

Alain Coheur

Cathaoirleach ar an Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas (INT)