European Economic
and Social Committee
Isabel Caño Aguilar, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid: Ní slán, ach slán go fóill, a fhágaim libh!
Isabel Caño Aguilar, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid: Ní slán, ach slán go fóill, a fhágaim libh!
Tá a ionú féin ag gach uile rud. Tá an t-ionú anois ann slán a fhágáil ag a chéile. Tá dhá bhliain go leith caite againn ag obair i dteannta a chéile: bhí sé d’onóir agam, ó mhí Aibreáin 2018, a bheith i mo Leas-Uachtarán um an gCumarsáid, agus mé ag obair in éineacht le Milena Angelova, an Leas-Uachtarán um an mBuiséad.
Tapaím an deis seo chun buíochas a ghabháil libh, a léitheoirí dile, as bhur ndílseacht don iris seo CESE info. Bhí sé de phribhléid againn na rudaí sin is fearr a tharla le linn imeachtaí, sheimineáir, dhíospóireachtaí, chomhráite agus sheisiúin iomlánacha CESE, nó, i mbeagán focal, na tionscnaimh go léir a d’fhág a lorg ar théarma oifige CESE faoi stiúir an Uachtaráin Luca Jahier, a roinnt libh.
Bhí an t-ádh liom foireann iontach a bheith ag obair i mo theannta i Stiúrthóireacht na Cumarsáide. Fanfaidh cuimhní liom i gcónaí de na comhghleacaithe sin a chabhraigh liom le linn na tréimhse sin, de mhná agus d’fhir a chuir go mór le mo shaol, agus a mhúin dom níos mó cúraim a dhéanamh don domhan atá thart orainn agus lenar oibrigh mé ar na tionscnaimh go léir a chuireamar i gcrích le linn an téarma oifige. Gan an obair go léir a rinne siadsan, gan a dtiomantas agus a ndíocas, ní bheinn in ann an cúram a bhí orm a chur díom.
Cá mhéad uair a bhaineamar leas as an smaoineamh sin de chuid Hannah Arendt, is é sin gur beart ann féin é na focail chearta a aimsiú ag an am ceart.
Tá an oiread sin cuimhní, aghaidheanna agus comhráite ann nach ndéanfaidh mé dearmad go deo orthu. Ina measc tá iriseoirí sheimineáir mhí na Nollag, an méid a dúirt Andrew Caruana Galizia a rinne achainí ar son saoirse tuairimíochta, an óráid a thug Marta Lempart, agus Duais na Sochaí Sibhialta a eagraíodh den dara huair in 2019 arbh é an comhionannas an téama a bhí léi agus a bronnadh ar Strajk Kobiet (Cumann Stailce na mBan sa Pholainn) a spreag mná chun athrú a éileamh ina saol.
Is cuimhin liom an chomhairle a chuir comhfhreagraithe na meán sa Bhruiséil orainn nuair a thugamar cuireadh dóibh teacht chuig cruinnithe COCOM: “Éistigí le bhur gcomhaltaí mar go bhfuil a scéal féin le hinsint ag gach duine”.
Uaireanta bhíodh plé an-bhríomhar ann, agus smaoiním go háirithe ar na hócáidí nuair a thángamar le chéile san Aithin agus in Malaga. Fuaireamar an deis in 2018 le linn sheimineár na hAithne, a tionóladh i gcliabhán an daonlathais, nascadh athuair le fréamhacha ár gcuid luachanna Eorpacha. In 2019, chruinníomar le chéile in Malaga in ollscoil ina raibh a lán tionscnamh a rinne daoine óga ar taispeáint agus d’athdhearbhaíomar gurb é atá san Aontas Eorpach tionscadal is ceart a chruthú i gcomhar leis an tsochaí shibhialta.
Ó mhí an Mhárta 2020 ar aghaidh, bhí orainn leithscaradh agus ár gcuid oibre a eagrú ar bhealaí nua. D’fhág an phaindéim go raibh orainn teacht ar mhodhanna eile maireachtála agus oibre. Rinne an Coiste beart go mear agus d’fhoilsíomar, an 17 Márta, ráiteas inar iarradh dlúthpháirtíocht bhreise agus beart comhpháirteach ar leibhéal na hEorpa chun déileáil go héifeachtach le hiarmhairtí na paindéime.
D’oibríomar go dlúth leis na hinstitiúidí eile chun dul i ngleic leis an ngéarchéim shóisialta, eacnamaíoch agus pholaitiúil. Inár gcáil mar ionadaithe na sochaí sibhialta eagraithe, labhraíomar d’aon ghuth amháin, agus thugamar le fios gur le chéile amháin a bheimis in ann aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim.
Maidir le Stiúrthóireacht na Cumarsáide, chinntíomar go bhfuair ár gcuid obair reachtach clúdach sna meáin, obair a lean ar aghaidh ainneoin na géarchéime. Theastaigh uainn freisin eolas a roinnt libh faoin gcaoi a raibh comhaltaí CESE i mbun oibre ina dtíortha féin, laistigh dá n-eagraíochtaí féin, agus iad ag déileáil le héifeachtaí na paindéime.
Inár gcolún “Dessine-moi...” tugadh deis dár gcomhaltaí a smaointe, a dtuairimí agus a mothúcháin a roinnt linn faoin méid a ndeachaigh siad tríd le linn na paindéime nuair a bhí an saol ina stad. Ach, níos tábhachtaí fós, chabhraigh siad linn a thuiscint cé chomh héagsúil agus atá ár gCoiste agus na gníomhaíochtaí go léir a bhíonn ar siúl ag lucht ceardchumainn, fiontraithe agus baill d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta.
Ní fada go mbeidh tús á chur againn le caibidil nua i scéal ár n-institiúide. Gabhaim buíochas ó chroí libh as an obair go léir atá déanta agaibh, as an tiomantas agus an díocas atá léirithe agaibh agus, thar aon ní eile, as an toilteantas chun teachtaireacht Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a chraobhscaoileadh.
Gabhaim buíochas le léitheoirí CESE info as an dúil a chuir sibh i gcónaí i nuacht agus i scéalta CESE, leis na comhaltaí a roinn a gcuid smaointe linn, leis na grúpaí, leis na rannóga, agus leis na haistritheoirí as an saothar cruinn a ullmhaíonn siad dúinn ainneoin an bhrú oibre a bhíonn orthu.
Tá buíochas mór tuillte freisin ag foireann Aonad an Phreasa as a bheith éifeachtach agus cruthaitheach agus as an nuachtlitir seo a fhoilsiú, agus meallann sí a lán síntiúsóirí nua go fóill. Gabhaim buíochas le foireann Aonad INF as an snas ealaíonta agus teicniúil a chuireann siad ar CESE info.
Nílim ag fágáil an Choiste óir fanfaidh mé libh mar chomhalta den Choiste. Seasfaidh mé i gcónaí ar son na hoibre sin a dhéanann sibh a bhaineann leis an bhfaisnéis agus an chumarsáid.
An rud deireanach atá agam le rá libh, is rud é a dúirt Albert Camus, agus fágaim agaibh é mar mhana a bhfuil súil agam a mbeimid in ann a úsáid inár saol gach lá: “Créer c'est vivre deux fois” [is ionann rud a chruthú agus dhá shaol a bheith ag duine].