Thug CESE cuntas ar phríomhról na trádála i dtaca le téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe ó ghéarchéim COVID-19 a chur chun cinn

Ag an seisiún iomlánach i mí Iúil, ghlac CESE tuairim maidir leis an tuarascáil bhliantúil ba dhéanaí a d’eisigh an Coimisiún Eorpach i ndáil le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála don bhliain 2018. Sa tuairim sin, thug CESE cuntas ar phríomhról na trádála i dtaca le téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn agus i dtaca lena éascú do chuideachtaí a luachshlabhraí briste a athbhunú agus a atheagrú. San am céanna, is cúis aiféala dó nach ndéantar mórán tagartha d’obair faireacháin na sochaí sibhialta sa tuarascáil ar an gcur chun feidhme.

Sa tuairim uaidh, d’áitigh CESE ar institiúidí an Aontais ceachtanna tábhachtacha a fhoghlaim ó chúrsaí mar atá. Mar chuid de sin, áirítear an gá atá ann slabhraí soláthair atá níos athléimní, níos éagsúlaithe agus níos freagraí a athbhunú agus sásraí níos láidre a fhorbairt chun clár oibre inbhuanaithe maidir leis an trádáil agus leis an infheistíocht a bhaint amach ina ghnéithe ar fad. Tá aiféala ar leith ar CESE gur beag tagairt a dhéantar sa tuarascáil don obair a rinne grúpaí comhairleacha baile (DAGanna) chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na gcomhaontuithe ar ghealltanais maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (TSD). D’éiligh CESE go ndéanfaí DAGanna a neartú chun go bhféadfaidís a gcuid cúraimí faireacháin a fhreastal go rathúil agus chuir sé in iúl gur cúis imní dó nach bhfuil uirlisí forfheidhmiúcháin ceangailteacha san áireamh sna caibidlí i leith TSD faoi mar atá.(dgf)