Lá na hEorpa 2022

This page is also available in

Dé Sathairn, an 7 Bealtaine, déanfaidh CESE Lá na hEorpa a cheiliúradh le hócáid iomlán fíorúil chun comóradh a dhéanamh ar an dáta a tíolacadh dearbhú stairiúil Schuman, rud a mheastar a chuir tús leis an Aontas Eorpach mar atá sa lá atá inniu ann.

Deis atá ann machnamh a dhéanamh ar ar éirigh linn a thógáil a bhuí leis an tsíocháin, leis an gcomhar agus leis an dlúthpháirtíocht, agus ar an méid ba mhian linn a bhaint amach sa todhchaí. Ar an lá seo, tabharfaidh an tAontas cuireadh do shaoránaigh ar fud na hEorpa tuilleadh eolais a fháil faoi institiúidí an Aontais, faoin gcaoi a n-oibríonn siad agus faoin méid is féidir leis an Aontas a dhéanamh dóibh.

Ar an lá seo, beidh institiúidí uile an Aontais ag díriú ar dhaoine óga chun go mbeidh siad rannpháirteach i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na hÓige, arb é an príomhthéama é i mbliana.

Ag an am céanna, tá teachtaireacht láidir á cur in iúl go soiléir ar an leibhéal idirinstitiúideach chun tacú leis an Úcráin agus chun seasamh léi.

Tá tú ag tabhairt cuairt ar leathanach gréasáin tiomnaithe don imeacht ina bhfuil rannóga éagsúla, agus is féidir leat eolas a fháil ar na gníomhaíochtaí go léir ach táb an roghchláir ar thaobh na láimhe clé a leanúint!