European Economic
and Social Committee
An t-iomaíochas: dúshlán nach beag don chéad Choimisiún von der Leyen eile
Le Grúpa na bhFostóirí in CESE
Rinne Grúpa na bhFostóirí comhghairdeas le hUachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, nuair a toghadh arís i mí Iúil í, agus ghlac siad go fonnmhar lena cuid treoirlínte polaitiúla. Is maith an léargas atá sna treoirlínte ar athrú mór atá ann: tá iomaíochas an Aontais ag dul ó mhaith agus sin dúshlán nach féidir neamhaird a dhéanamh de. Admháítear sna treoirlínte gur ceist róphráinneach í seo, ceist atá ar aon tábhacht leis an athrú aeráide agus le cúrsaí slándála.
I ndeireadh na dála, caithfear tosaíocht a thabhairt don iomaíochas agus don rathúnas. Is é is aidhm don Phlean Rathúnais Eorpach nua obair na gnólachtaí san Eoraip a éascú, doimhneas a chur sa Mhargadh Aonair, agus borradh a chur faoin táirgiúlacht trí bhíthin na dteicneolaíochtaí ceannródaíochta. Is mór an díol sásaimh dúinn an fócas ar shaol an ghnó a thabhairt chun éascaíochta, rud a tharlóidh ach na hualaí riaracháin a laghdú tríd an gcur chun feidhme a shimpliú agus trí leas-uachtarán a cheapadh chun an ghné sin den obair a chomhordú.
Is fada Grúpa na bhFostóirí in CESE i bhfách leis an gcur chuige sin, rud is léir ach féachaint ar na tosaíochtaí atá acu: A chion féin den rathúnas a shaothrú do chách, agus ba dheas linn comhoibriú le chéile d’fhonn an cur chun feidhme a chur in oiriúint do na dálaí atá i réim. Tá iomaíochas an Aontais faoi bhagairt throm chráite le tamall anuas. Cé go bhfuil an Eoraip ar cheann de na réigiúin is nuálaí is sláine agus is rathúla dá bhfuil ann fós, tá na Stáit Aontaithe chun cinn uirthi feasta, agus tá an tSín ag baint na mbonn di i gcuid de na goirt is tábhachtaí, an fás OTI per capita, cuir i gcás, gort ar fearr a bhfuil na Stáit Aontaithe ag cruthú ann ná an Eoraip le deich mbliana anuas. Sin cor sa scéal a bhfuil a shliocht go láidir ar líon na bpaitinní teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), sin agus ar leibhéil na hinfheistíochta dírí ón coigrích (FDI).
Sin é an fáth a bhfuilimid sásta go bhfuil na tosaíochtaí seo a leanas sna treoirlínte polaitiúla a bheidh ag an gcéad Choimisiún eile:
- Seiceáil ar mhodh nua ar an iomaíochas agus Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le simpliú agus feabhsú na reachtóireachta.
- Comaoin mhór a chur ar an infheistíocht le hAontas Coigiltis agus Infheistíochta i gcomhair na hEorpa.
- An caiteachas ar thaighde a mhéadú chun díriú ar thosaíochtaí straitéiseacha, ar thaighde ceannródaíochta agus ar fheabhas na heolaíochta.
- Stádas dlíthiúil nua uile-Aontais a bhunú chun fás a chur ar chuideachtaí nuálacha.
- Comhaontú Tionsclaíoch Glan chun infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar agus sa tionsclaíocht, chun praghsanna fuinnimh a laghdú, agus tacú le cuideachtaí sa dícheall atá á dhéanamh acu ar son ghlasú an chomhshaoil.