European Economic
and Social Committee
Ag seasamh le chéile ar son luachanna Chluichí Oilimpeacha Pháras 2024
Ó dhearcadh na sochaí sibhialta, tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis na luachanna a chuirtear chun cinn le Cluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras.
I bhfianaise thírdhreach geopholaitiúil leochaileach an lae inniu, tagraíonn CESE do choincheap na síochána Oilimpí, lena léirítear na trí luach bunaidh de na Cluichí Oilimpeacha: barr feabhais, meas agus cairdeas. Tacaíonn an tsochaí shibhialta eagraithe leis an smaoineamh domhan síochánta agus níos fearr a thógáil trí oideachas a chur ar dhaoine óga trí spórt atá saor ó gach cineál idirdhealaithe a chleachtadh de mheon an chairdis, na dlúthpháirtíochta agus chothrom na Féinne.
Seo mar a labhair Oliver Röpke, Uachtarán CESE: ‘Cuimsíonn na Cluichí spiorad na haontachta agus na síochána. Téann siad thar teorainneacha agus tugann siad daoine as cúlraí éagsúla le chéile. Trí thacú leis na luachanna sin, táimid ag féachaint le gluaiseacht dhomhanda a spreagadh i dtreo na síochána agus na dlúthpháirtíochta.’
‘Leis an tionscnamh seo, ba mhaith linn tacú leis na luachanna buana i réimse an spóirt’, arsa Laurenţiu Plosceanu, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE. ‘Tá sé de chumhacht ag na luachanna atá á gcosaint againn an domhan a athrú agus daoine agus tíortha a aontú.’
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Krzysztof Pater, Leas-Uachtarán CESE um an mBuiséad: ‘Léirítear le Cluichí Oilimpeacha Pháras go bhfuil an ceart ag gach duine páirt a ghlacadh sa cheiliúradh spóirt seo ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Is sampla cumhachtach iad daoine faoi mhíchumas do lucht féachana ar fud an domhain. A bhuí leis na daoine sin, tá luachanna amhail an misneach, an diongbháilteacht agus an comhionannas á gcur chun cinn.’
Dúirt Dimitris Dimitriadis, iarUachtarán CESE agus Cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach in CESE, an méid seo a leanas: ‘Is cosúil go bhfuil an tsíocháin Oilimpeach, nó ‘Ekecheiria’ sa tSean-Ghréigis, níos ábhartha ná riamh. Ní mór dúinn coincheap na síochána oilimpí a athbheochan agus a chur i bhfeidhm chun an daonnacht a spreagadh agus an tsíocháin agus idirphlé a chur chun cinn.’
Seo mar a labhair Giulia Barbucci, iar-Leas-Uachtarán um an mBuiséad in CESE agus comhalta de CESE: ‘Den chéad uair riamh i stair na gCluichí, glacfaidh an líon céanna fear agus ban páirt i gCluichí Pháras. Mar sin féin, ní mór dúinn a aithint nach ionann an chothroime sa rannpháirtíocht agus an comhionannas, agus go bhfuil go leor le déanamh fós i réimse an spóirt chun an cuspóir sin a bhaint amach.
‘Is é mo mhian do Chluichí Pháras go ndéanfaí ionadaíocht chothrom ar gach catagóir míchumais, agus go mbeadh sé de cheart ag gach duine dul san iomaíocht agus cosaint a fháil, go háirithe daoine faoi mhíchumas intleachta’, arsa iar-Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Isabel Caño Aguilar. (mt)