Le linn sheisiún iomlánach CESE i mí Aibreáin, rinne Leas-Ardstiúrthóir um an Margadh Inmheánach, Maive Rute, agus Uachtarán CESE, Oliver Röpke, béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé iomaíochas an Aontais a neartú, má táthar chun fás an gheilleagair a mhéadú agus folláine na sochaí a chur chun cinn.

Dar le M.Rute, níl am ar bith le spáráil. Ní mór don Aontas beart a dhéanamh gan mhoill, má theastaíonn uaidh an bhris a thabhairt isteach agus an fód a sheasamh in aghaidh neart as cuimse ollchumhachtaí eacnamaíocha na cruinne.

Seo mar a thug sí a meas ar iomaíochas an Aontais i láthair na huaire: ‘Athrú ó bhonn atá ag teastáil uainn. Ní leor cur chun feidhme an mhargaidh aonair a fhágáil faoin dea-thoil – teastaíonn forfheidhmiú ceart mar chúl taca aige. Ní mór dúinn ár n-earraí agus ár dteicneolaíochtaí a onnmhairiú, ach ár bpoist a choinneáil sa bhaile. Ní mór dár dtionscail a bheith iomaíoch agus ní mór infheistiú san Eoraip.’

Chuir O.Röpke i bhfáth go raibh an t-iomaíochas ar cheann de na bunchlocha ar ar tógadh ráth eacnamaíoch an Aontais, go raibh sé ina chúis mhór leis an bhfás, an nuálaíocht agus an rathúnas san Eoraip, agus gur chuir sé go mór le tionchar domhanda agus athléimneacht an Aontais. Dúirt sé an méid a leanas freisin: ‘Agus iomaíochas na hEorpa á phlé againn, tá sé ríthábhachtach na daoine a chur i gcroílár na díospóireachta agus nach bhfágfaí aon duine ar lár. I ndeireadh na dála, meastar mar atá ag éirí leis an iomaíochas de réir an tionchair a imríonn sé ar fholláine, deiseanna agus rathúnas an duine aonair agus an phobail. Dá bhrí sin, i ndíospóireacht ar bith faoin iomaíochas, ba cheart tús áite a thabhairt do riachtanais, cearta agus mianta na ndaoine.’

Glacadh tuairim sa seisiún iomlánach freisin, mar a bhí Straitéis iomaíochais san fhadtéarma, tuairim a bhí tarraingthe suas ag an rapóirtéir Emilie Prouzet agus an comhrapóirtéir Stefano Palmieri. (mp)