Bean amháin as gach deichniúr, níl aici ach ón lámh go dtí an bhéal. Bean amháin as gach triúr, bíonn foréigean á dhéanamh uirthi. Táthar ag cur i gcoinne chearta na mban ar bhonn níos coitianta sa domhan trí chéile, agus an tAontas san áireamh. Agus na toghcháin Eorpacha agus bunú an chéad Choimisiúin Eorpaigh eile ag druidim linn go tapa, tá sé an-tábhachtach go deo go leanfaí den tacaíocht institiúideach agus de thacaíocht na sochaí sibhialta chun na mná agus na cailíní a chumhachtú a thuilleadh fós.

An 25 Aibreán, bhí seisiún iomlánach ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) inar thug sé faoi dhíospóireacht le cuid de phríomheagraíochtaí an Aontais ó thaobh chur chun cinn an chomhionannais inscne de. Ba é cuspóir na díospóireachta sin a chur i bhfáth gur práinneach fós leanúint den troid ar son chearta na mban sa chéad tréimhse oifige eile a bheidh ag an Aontas.

Bhí an díospóireacht sin ann lá tar éis do Pharlaimint na hEorpa cead a thabhairt don chéad Treoir ón Aontas maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe a chomhrac. Ba é téama na díospóireachta na conclúidí ón 68ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan. Is é an Coimisiún um Stádas na mBan an fóram idirnáisiúnta is mó ar domhan chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo an comhionannas inscne a bhaint amach. I mbliana tá an fóram ag díriú ar an mbochtaineacht i measc na mban.

Chun cur leis an seisiún sin den Choimisiún um Stádas na mBan, a tionóladh i mí an Mhárta i Nua-Eabhrac, chuir CESE isteach an dearbhú ‘Comhionannas idir fir agus mná i réimse na bochtaineachta’. Leagtar amach 10 bpointe gníomhaíochta sa dearbhú sin maidir le cumhachtú eacnamaíoch agus cosaint shóisialta na mban.

‘Níl an bhochtaineacht neodrach ó thaobh inscne de agus, mar sin, ní féidir linne freagairt neodrach a thabhairt uirthi ach oiread. Nuair a dhéantar foréigean ar bhean, bíonn tionchar aige sin ar a dhóichí atá sé go dtitfidh sí i ngreim ag an mbochtaineacht agus ar an gcumas atá inti páirt chomhionann a ghlacadh sa mhargadh saothair. Ní féidir liom, mar sin, gan bheith sásta faoin vóta deiridh a rinne Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcéad Treoir riamh chun na mná a chosaint ar an bhforéigean inscnebhunaithe agus ar an bhforéigean teaghlaigh ar an leibhéal Eorpach,’ arsa Oliver Röpke, Uachtarán CESE.

A bhuí le gníomhaíocht chomhbheartaithe ar gach uile leibhéal, d’éirigh leis an gCoimisiún roinnt garspriocanna a bhaint amach sa téarma oifige seo, amhail Treoir an Aontais maidir le trédhearcacht pá. B’in an méid a bhí le rá ag Lanfranco Fanti, comhalta de chuid oifig phríobháideach Helena Dalli, an Coimisinéir um Chomhionannas.

D’iarr na rannpháirtithe sa díospóireacht go mbunófaí leagan amach i gComhairle an Aontais Eorpaigh a bheadh tiomanta don chomhionannas inscne, sin agus go mbunófaí comhordaitheoir AE maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus sainordú athnuaite don Choimisinéir um Chomhionannas.

‘Is éard atá uainn tacaíocht pholaitiúil ón Aontas,’ a dúirt Florence Raes, Stiúrthóir Mhná na Náisiún Aontaithe, an Bhruiséil. Cé go bhfuil fíordhul chun cinn déanta ó thaobh an chomhionannais de, tá an bonn á bhaint de chearta na mban ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus tá an baol ann, agus an baol sin ag dul i méid, go mbainfí an comhionannas inscne den liosta tosaíochtaí atá ann.

‘Agus tú i do bhean de bhunadh grúpa mionlaigh, beidh an saol dian ort. Ní mór dúinn a choinneáil i gcuimhne nach leor an comhionannas a thuilleadh: ní comhionannas go trasnachas,’ is ea a dúirt Ilaria Todde, Stiúrthóir Abhcóideachta EuroCentralAsian Lesbian Community.

‘Tá an foréigean in aghaidh na mban fréamhaithe go domhain sna córais phatrarcacha atá ann ar fud an domhain. Ceiliúraimid inniu glacadh na chéad Treorach riamh ón Aontas maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh,’ arsa Mary Collins, Stiúrthóir Bhrúghrúpa Mhná na hEorpa. (ll)