Tráth atá plancadh agus tuargaint á ndéanamh orthu ó lá go lá agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh gan bás a fháil, is beag más féidir do ghlúin óg na hÚcráine féachaint rompu ar thodhchaí atá i bhfad uathu, dar le Yevheniia Senyk, rannpháirtí i YEYS 2025 agus gníomhaí óige ón Úcráin. Insíonn sí dúinn conas a chuireann an cogadh isteach ar eagraíochtaí óige ina tír féin agus a thábhachtaí atá sé guth a thabhairt dóibh ar an leibhéal Eorpach.

Cén tionchar a bhí ag an gcogadh san Úcráin ar bhur n-eagraíocht sna trí bliana atá gafa tharainn, dar leat, agus cén t-athrú atá tagtha ar bhur modhanna oibre?

Is é sprioc Ardán SD (a bunaíodh in 2013) luachanna ar nós na saoirse, na dlúthpháirtíochta, an chomhionannais agus an cheartais a chosaint ós rud é gurb iad sin na luachanna is tábhachtaí, dar linn, chun todhchaí fhorásach a chruthú san Úcráin. Toisc gur cuireadh d’fhiachaibh ar roinnt mhaith Úcránach an baile a fhágáil, tá go leor brainsí curtha ar bun againn freisin ar an gcoigríoch chun rannpháirtíocht óige na hÚcráine lasmuigh den tír a spreagadh. 

I dtosach báire, is mór mar atá obair na mbrainsí réigiúnacha suaite ag an gcogadh toisc cuid mhaith de na brainsí sin, mar shampla in Odessa agus Zaporizhzhia, a bheith lonnaithe in áiteanna atá buailte ar líne thosaigh na troda nach mór, agus muintir na gceantar sin á bplancadh le buamaí ó lá go lá. Is deacair dóibh díriú ar imeachtaí a reáchtáil nuair is é an chloch is mó ar a bpaidrín gan bás a fháil. Fágann an plancadh buamaí laethúil sin a rian ar an óige i ngach cearn den tír toisc nach acmhainn dóibh a thuilleadh féachaint rompu ar thodhchaí atá i bhfad uathu agus gan a fhios acu cad a bhainfidh dóibh amárach nó fiú amháin i gceann dhá uair an chloig.

Anuas air sin, tá staid airgeadais na hÚcráine guagach agus míshocair de dheasca an chogaidh, rud a fhágann an t-aos óg ar easpa fostaíochta. Bíonn ar dhaoine óga post a aimsiú agus iad ag iarraidh a gcuid staidéir a dhéanamh san am céanna, ní áirím páirt a ghlacadh in eagraíochtaí óige. Ní haon dóithín na cúraimí uile sin a choinneáil ar mheá chothrom le chéile.

Tar éis an mhór-ionraidh, thosaigh cuid mhaith daoine óga ag troid in éadan fhórsaí na Rúise agus airm ina láimh acu in ionad a ndúthracht a chaitheamh le comhairlí nó eagraíochtaí don óige. Dá thoradh sin, níl taithí á fáil ag an aos óg ar réimse na polaitíochta. Rachaidh sé dian orainn sna blianta atá amach romhainn a chinntiú go mbeidh an uile dhuine in ann páirt a ghlacadh sa pholaitíocht mar is ceart.

Faoi scáth Ardán SD, cuirimid oideachas polaitiúil agus seachfhoirmiúil ar fáil in aisce lena chinntiú gurb acmhainn don aos óg tionchar a bheith acu ar an bpolaitíocht ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta.

Cad ina thaobh, dar leat, ar tábhachtach an ní d’eagraíochtaí óige nó d’ionadaithe na n-eagraíochtaí sin freastal ar imeachtaí ar nós YEYS?

Thar aon ní eile, cuireann na himeachtaí idirnáisiúnta sin ar a súile do mhuintir na hÚcráine nach bhfuil dearmad déanta ag muintir na hEorpa orthu. Is mór is tábhachtach linn a bheith anseo, guth a bheith againn, ceisteanna a chur ar dhaoine eile faoin taithí atá acu féin agus smaointe nua a thabhairt abhaile linn.

Fairis sin, léiríonn sé gur cumas dúinn dul isteach san Aontas Eorpach ar ball agus go bhfuilimid tiomanta dósan. De réir mar a thabharfar cuirí eile mar seo dúinn, beidh deis ag aos óg na hEorpa éisteacht linn agus deis againne éisteacht leosan freisin. Is cuma nó comhpháirtíocht eadrainn go léir é.

Cad atá de dhíth ar an aos óg, dar leat, a chuideodh nó a thacódh leo leanúint orthu ag glacadh páirt san obair don óige agus sa ghníomhaíochas?

Sílim gur den mhórthábhacht é go rachadh an tAontas Eorpach i gcomhairle le haos óg na hÚcráine. I mo thuairimse, má leanann an tAontas Eorpach de dheiseanna a chur ar fáil dúinn ról a bheith againn nuair a bhíonn beartais an Aontais á múnlú, beimid ábalta teacht ar chonclúidí i gcomhar le chéile, conclúidí a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh toisc gur cuid den Eoraip sinn. Ar an ábhar sin, is conclúid choiteann a theastaíonn i ngach réimse beartais. Chomh maith leis sin, má leanann an tAontas Eorpach den tacaíocht airgeadais atá á cur ar fáil aige d’aos óg na hÚcráine chun gur féidir dóibh páirt a ghlacadh in imeachtaí ar nós YEYS, spreagfaidh sin iad le bheith rannpháirteach i gcónaí sa pholaitíocht toisc nach mbeidh an t-ualach céanna airgeadais ina bhac ar rannpháirtíocht orthu a thuilleadh.

Is gníomhaí óige í Yevheniia Senyk de chuid Ardán SD, balleagraíocht de Chomhairle Náisiúnta Óige na hÚcráine. Is mac léinn i réimse an chaidrimh idirnáisiúnta í in Ollscoil Náisiúnta Polaiteicnice Lviv.