Katrīna Leitāne, Cathaoirleach Ghrúpa Óige CESE a scríobh

Is faoi ghannionadaíocht atá leasanna na ndaoine óige sa cheapadh beartas ar fud an domhain, ach tá sé ar a gcumas páirt a ghlacadh ann agus tá fonn orthu déanamh amhlaidh. Ach tuairimí na hóige a chur san áireamh in obair CESE, is ionadaí agus is athléimní na beartais a chuirfidh sé chun cinn. Ós rud é gurb ionann CESE agus croílár shochaí shibhialta na hEorpa, ba cheart dó a bheith ar an institiúid is mó a chuireann glór na hóige chun tosaigh. 

Le roinnt blianta anuas, tá iarracht á déanamh ag CESE glór na hóige a chur san áireamh níos mó ina chuid oibre féin agus i bpróiseas déanta na gcinntí san Aontas. Bunaíodh Grúpa Óige CESE bliain amháin ó shin chun rannpháirtíocht na n-óg a chur ar bhonn foirmiúil. A bhuí leis an tuairim Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hÓige de, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2022, bhí CESE ar an gcéad institiúid de chuid an Aontais a ghabh uirthi féin an measúnú sin a chur chun feidhme. I mí Aibreáin 2024, ghlac CESE céim mhór eile chun tosaigh tar éis dó an mhodheolaíocht a fhormheas lena ndéanfaí Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hÓige de a chur i bhfeidhm in CESE

Is uirlis é Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hÓige de a ceapadh chun rannpháirtíocht na ndaoine óga i ndéanamh na mbeartas a threisiú agus cuid lárnach de phróiseas déanta na mbeartas a dhéanamh de ghné na hóige. Mar chuid den uirlis sin tá comhairliúcháin, measúnuithe tionchair, agus bearta maolaithe. Is éard a chiallaíonn sé sin i gcomhthéacs CESE go mbeidh ionadaithe de chuid na hóige i dteagmháil le comhaltaí de CESE agus tuairimí áirithe á ndréachtú. Ón taobh praiticiúil de, glacfaidh ionadaithe de chuid na hóige páirt i gcruinnithe agus éisteachtaí, cuirfidh siad ábhar ar fáil i scríbhinn, agus is féidir go leanfaidh siad mar a éiríonn leis na tuairimí tionchar a imirt ar chúrsaí. Ionadaí amháin ina aghaidh na tuairime a dhéanfaidh obair thar ceann na n-eagraíochtaí óige leasmhara go léir. 

Is ag céim an chuir i bhfeidhm atá an tionscnamh seo i láthair na huaire. I mí Mheitheamh na bliana seo, fógraíodh glao oscailte ar iarratais ó eagraíochtaí óige ar mhian leo páirt a ghlacadh ann agus fuair CESE os cionn 100 iarratas. Na eagraíochtaí óige incháilithe, cuirfear ar an eolas go rialta iad faoi na tuairimí nua atá le teacht, agus iarrfar orthu obair a dhéanamh orthu. Is iad biúrónna na rannóg/biúró Choimisiún CCMI a dhéanfaidh an cinneadh deiridh cé na tuairimí a gcuirfear an measúnú tionchair i bhfeidhm orthu. 

Maidir leis an modheolaíocht a ullmhú, ba mhór an chabhair don Ghrúpa Óige an taithí a fuarthas ó scéim phíolótach a chruthaigh go rímhaith. Roghnaigh gach ceann de rannóga CESE agus Coimisiún CCMI tuairim amháin agus d’éirigh leo 20 ionadaí de chuid na hóige a dhéanamh páirteach san obair. Bhí réimse éagsúil ábhar i gceist leis na tuairimí sin, idir an Seimeastar Eorpach agus cosaint an daonlathais. 

Tá Grúpa Óige CESE ag dréim i gcónaí chun an bealach is fearr a aimsiú chun ról fiúntach a thabhairt d’eagraíochtaí na hóige. An chéad chéim eile ná an tionscnamh a chur i bhfeidhm, athbhreithniú rialta a dhéanamh air, agus feabhas a chur air i gcónaí.

Má theastaíonn tuilleadh eolas uait, féach an leathanach gréasáin EU Youth Test at the EESC, nó is féidir teagmháil a dhéanamh le rúnaíocht an Ghrúpa Óige ar youtheesc@eesc.europa.eu