European Economic
and Social Committee
Focal ó Uachtarán CESE
In 2025, tá freagracht chomhroinnte orainn Eoraip níos láidre a thógáil
Agus sinn ag dul isteach in 2025, tá cuid den phráinn agus den diongbháilteacht le brath i measc Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais agus í chun dul i ngleic le dúshláin chasta a bhfuil a rian á bhfágáil acu ar Eoraip an lae inniu agus ar Eoraip an lae amárach. Faoi scáth théama uileghabhálach na slándála, tá gealladh faoi Uachtaránacht na Polainne ceannaireacht a thabhairt dúinn i mbliana, bliain a bheidh ríthábhachtach d’athléimneacht, do chomhtháthú agus do dhul chun cinn an Aontais.
Ag breathnú ar na tosaíochtaí atá leagtha amach ag Uachtaránacht na Polainne, feictear go bhfuil cur chuige cuimsitheach glactha aici i dtaca leis an tslándáil agus na gnéithe iomadúla a ghabhann leis sin. Ó thaobh na slándála inmheánaí de, tá béim á leagan ar theorainneacha a chosaint agus ar an mbréagaisnéis a chomhrac, agus tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith ar ár n-aire ar aon bhagairt a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Maidir leis an tslándáil sheachtrach, díreofar ar chumais chosanta a neartú, ar an nuálaíocht a chothú, agus ar iarrachtaí ó thaobh méadú de a bhrostú chun cobhsaíocht a áirithiú inár gcomharsanacht. San am céanna, beidh an tslándáil eacnamaíoch, fuinnimh, bia agus sláinte fós ina cuid lárnach den obair chun neamhspleáchas na hEorpa agus dea-bhail a saoránach a áirithiú.
Anseo i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), táimid réidh chun tacú go hiomlán le clár oibre na hUachtaránachta, agus leas á bhaint againn as ár ról uathúil mar ghlór na sochaí sibhialta. Cuirfidh CESE go gníomhach leis an bplé maidir le conas iomaíochas na hEorpa a chosaint agus conas a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár sna haistrithe atá amach romhainn – bídís digiteach, glas nó eacnamaíoch.
Rud mór eile atá ag tarlú i mbliana ná an athnuachan pholaitiúil, agus Coimisiún Eorpach nuabhunaithe ag cur tús lena shainordú. Tugann sé sin deis nua dúinn creataí beartais a mhúnlú agus tionscnaimh a chur chun feidhme nach gclisfidh ar shaoránaigh na hEorpa. Déanfaidh CESE a chion féin chun tacú leis an gcaibidil nua seo, á chinntiú go gcuirfear dearcthaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta i gcroílár chinnteoireacht an Aontais.
Ag breathnú chun tosaigh dúinn ar 2025, cuimhnímid ar an bhfreagracht chomhroinnte atá orainn Eoraip níos láidre agus níos cuimsithí a thógáil. Coinneoidh CESE air ag labhairt ar son an smachta reachta, na forbartha inbhuanaithe agus an chomhtháthaithe shóisialta, á chinntiú go gcuirfear dearcthaí na sochaí sibhialta san áireamh sna tosaíochtaí ar chlár oibre an Aontais. In éineacht le hUachtaránacht na Polainne, déanfaimid ár ndícheall aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha ár linne agus bealach a réiteach d’Eoraip atá slán, iomaíoch agus aontaithe do na glúnta atá le teacht.
Oliver Röpke
Uachtarán CESE