European Economic
and Social Committee
Infheistíocht inbhuanaithe ar mhaithe le todhchaí ár ngarpháistí
In 2021, d’éirigh leis an ngluaiseacht Bheilgeach Grootouders voor het Klimaat (Seantuismitheoirí ar son na haeráide) Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE a bhuachan i gcatagóir na gníomhaíochta aeráide lena bhfeachtas ‘Ár n-airgead taisce dá dtodhchaí siúd’. Is éard a bhí beartaithe leis an bhfeachtas thart ar 2.4 milliún seantuismitheoir Beilgeach a spreagadh chun a gcoigilteas – a mheastar a bheith cothrom le thart ar EUR 910 billiún de shócmhainní – a athinfheistiú i dtionscadail níos inbhuanaithe. Labhair CESE Info le Grootouders voor het Klimaat i dtaobh cúrsaí aeráide agus airgeadas inbhuanaithe, na rudaí a bhfuil súil acu leo agus a bpleananna don todhchaí.
An bhfuil torthaí sonracha ar bhur bhfeachtas tar éis trí bliana? Cén chuma i gcoitinne atá ar staid an airgeadais aeráide agus inbhuanaithe sa Bheilg – an bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus an dtuigeann daoine an tábhacht a bhaineann leis?
Ba mhór an t-aitheantas agus an tacaíocht dúinn Duais CESE. Is minic a dtagraímid don duais sin agus teagmháil á déanamh againn leis an rialtas, le heagraíochtaí eile a thacaíonn linn agus lenár gcomhshaoránaigh. Chabhraigh sí linn nasc a chruthú le daoine agus grúpaí nua agus lenár bhfeachtas a fhorbairt a thuilleadh, ar mhaithe leis na seantuismitheoirí agus na glúnta óga, trí chur i láthair, ceardlanna agus sraith ceachtanna a chur le chéile faoin airgeadas inbhuanaithe.
Thugamar faoi deara nach dtuigtear go huile agus go hiomlán go fóill cad é an t-airgeadas inbhuanaithe. Mar sin féin, ar leibhéal na hEorpa rinneadh iarrachtaí tábhachtacha ina leith sa reachtaíocht (tacsanomaíocht, an comhaontú glas, an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD), an Treoir maidir le dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta (CSDDD), etc.), rud a chiallaíonn anois go bhfuil i bhfad níos mó tionscnamh á ndéanamh ag gnólachtaí agus earnálacha agus gur féidir linne iad a lua mar shamplaí. Tugann na hiarrachtaí sin dóchas dúinn ach tá géarghá leo freisin, rud a thuigtear nuair a fheictear an toradh (easnamhach) a bhí uair amháin eile ar na cainteanna COP in Baku.
Tugadh le fios i staidéar a rinneadh le deireanas go bhfuil géarghá fós lenár gcuid oibre chun daoine a chur ar an eolas. Ní bhaineann ach 5-15 % de na hinfheisteoirí leas as an gceart atá acu iarraidh ar a n-institiúidí airgeadais an inbhuanaitheacht a chur san áireamh, ainneoin gur ábhar tábhachtach atá ann dar le breis infheisteoirí. Caithfimid coinneáil den obair seo dá bhrí sin.
Cén toradh a bhfuil sibh ag súil leis ag COP29? An bhfuil páirt á glacadh agaibh sa chomhdháil, nó an é go bhfuil sibh ag tacú le Ferre, an buachaill 12 bhliain d’aois agus a sheantuismitheoirí? An gceapann sibh gur ábhar an-tábhachtach é an maoiniú don aeráid le go bhféadfar an t-aistriú cóir a bhaint amach?
Agus an t-alt seo á scríobh againn, tá clabhsúr curtha le COP29. Ón tús, thugamar ár dtacaíocht iomlán, idir thacaíocht airgeadais agus tacaíocht chumarsáide, do Ferre, an buachaill 12 bhliain d’aois, a rinne an turas go Baku lena sheantuismitheoirí atá ina mbaill de Grootouders voor het Klimaat, lena chinntiú go mbeadh guthanna leanaí san áireamh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin leis na seantuismitheoirí uile agus na húdaráis uile a chinntigh gurbh fhéidir sin a dhéanamh.
Ba é a bhí beartaithe le COP29 gur COP an mhaoinithe aeráide a bheadh ann, toisc go bhfuil an-tábhacht leis an maoiniú sin chun an t-aistriú cóir a bhaint amach. Ar an drochuair, chonaiceamar in Baku nár leor an méid a rinneadh. Níl aon athrú ar ár dteachtaireacht: tá an t-airgead ann agus iarraimid orthu siúd a bhfuil sé acu freagracht a ghlacadh agus é a úsáid go hinbhuanaithe le haghaidh thodhchaí ár ngarpháistí.
Cad iad na tionscadail is déanaí de chuid Grootouders voor het Klimaat ba mhaith libh a lua? An bhfuil aon tionscadail nua ar na bacáin?
Táimid dóchasach faoin todhchaí. 2025, deich mbliana tar éis Chomhaontú Pháras, sin an bhliain a rachaidh Grootouders voor het Klimaat chomh fada leis na seantuismitheoirí atá ina mbaill d’eagraíochtaí móra na seanóirí i bhFlóndras. Tá na hullmhúcháin á ndéanamh againn faoi láthair le go mbeidh cúpla scór ball de Grootouders voor het Klimaat in ann dul faoi oiliúint le go mbeidh siad in ann labhairt go muiníneach faoi chúrsaí aeráide, agus iad in ann teagmháil a dhéanamh le daoine agus éisteacht leo.
Tá ceardlanna éagsúla curtha le chéile againn; ina measc tá ceardlann maidir leis an gcoigilt agus an infheistíocht inbhuanaithe, agus cuirimid an cheardlann sin ar fáil saor in aisce do gach brainse áitiúil d’eagraíochtaí na seanóirí. Feictear dúinn go bhfuil an-spéis á cur san ábhar. Deireadh mhí na Samhna 2025, tá mórimeacht clabhsúir á eagrú againn. Tá súil againn nach clabhsúr a bheidh ann ach gur tús é le tiomantas don todhchaí, tiomantas a fhásfaidh de réir a chéile.
Tá Hugo Van Dienderen ar dhuine de chomhbhunaitheoirí agus de chomhchathaoirligh Grootouders voor het Klimaat. Bunaíodh Grootouders voor het Klimaat in 2019. Is gluaiseacht neamhspleách seanóirí atá ann, ar seantuismitheoirí iad den chuid is mó, atá ag iarraidh domhan inmharthana a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht.
Sa ghrianghraf tá Ferre agus a sheantuismitheoirí ar son na haeráide le linn COP29 in Baku. Bhí Ferre in ann an imní atá air faoin ngéarchéim aeráide a mhíniú do lear mór daoine tábhachtacha.