Tá EESC Online Talks (cainteanna ar líne) lainseáilte ag CESE mar mhalairt ar chuairteanna ar an láthair

Gach bliain, déanann seirbhís cuairteoirí CESE fáilte a chur roimh na mílte cuairteoirí ó gach cearn den Eoraip agus ón gcuid eile den domhan, chomh maith le gníomhaíochtaí an Choiste agus feidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i láthair lucht féachana an-éagsúil.

Mar gheall ar ráig COVID-19, áfach, b’éigean do CESE a dhoirse a dhúnadh go sealadach ar chuairteoirí seachtracha.

Dá thoradh sin, tá EESC Online Talks (cainteanna ar líne) lainseáilte ag CESE mar mhalairt ar chuairteanna ar an láthair.

Le linn na gcruinnithe fíorúla sin, beidh deis ag cuairteoirí eolas a fháil faoi fheidhmiú agus ról CESE i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais.

Más mian leat caint ar líne a chur in áirithe do bhaill de d’eagraíocht féin nó do pháirtithe leasmhara ábhartha eile, cuir ríomhphost chugainn ag an seoladh seo a leanas: visitEESC@eesc.europa.eu

Táimid ag tnúth go mór le scéala a fháil uait! (cl)