Uair sa mhí sa cholún ‘An t-aoi speisialta’ cuirimid pearsa phoiblí ar leith i láthair, ar foinse inspioráide í a cuid oibre agus an tiomantas atá léirithe aici, dar le mórán. Molaimid na pearsana sin as an misneach, an dúthracht agus an dílseacht atá léirithe acu i leith a gcuid idéal.

Is daoine iad a imríonn tionchar ar an saol mar atá agus a chabhraíonn lena athrú. D’eagrán mhí na Nollag de CESE Info, thugamar cuireadh do Matthew Caruana Galizia. Is iriseoir iniúchta agus stiúrthóir de chuid Fhondúireacht Daphne Caruana Galizia é Matthew. San fhondúireacht sin, bíonn sé ag obair ar an gcás a bhaineann le marú a mháthar, Daphne Caruana Galizia, a feallmharaíodh in 2017 i ngeall ar na himscrúduithe ar éilliú i Málta a bhí á ndéanamh aici. D’oibrigh Matthew agus a theaghlach gan stad gan staonadh chun dul i ngleic leis an tsaoirse ó phionós agus chun an fhírinne faoi bhás Daphne a thabhairt chun solais.