Seoladh an 13ú heagrán de Leatsa an Eoraip, Abair Leat!.

Beidh imeacht bliantúil Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don aos óg ar siúl go cianda an 31 Márta agus an 1 Aibreán 2022. Pléifidh na scoileanna a roghnófar ó gach ceann de na 27 mBallstát den Aontas agus ó chúig thír is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas iad, an topaic ‘An Fhírinne faoi na Bréaga:

an tAos Óg ag dul i ngleic leis an mBréagaisnéis’. Tá an clárú dúnta anois agus roghnófar na scoileanna rannpháirteacha go randamach an 9 Nollaig.

Ina dhiaidh sin, tabharfaidh comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa cuairt ar na scoileanna i mí Eanáir agus i mí Feabhra 2022. Scaip an scéal agus bí ag faire amach chun tuilleadh eolais a fháil! (ck)