European Economic
and Social Committee
Níl aon dul as: ní mór gníomhú go práinneach in aghaidh an athraithe aeráide
Ráiteas ón nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’
‘Níl aon amhras gurb é tionchar an chine daonna is cúis le téamh an atmaisféir, na n-aigéan agus an talaimh. Tá an t-athrú aeráide ag cur isteach cheana féin ar gach réigiún ar fud an domhain ina bhfuil daoine ina gcónaí agus tá tionchar an duine ag cur le roinnt mhaith de na hathruithe tromchúiseacha ar an aimsir agus ar an aeráid’ (An séú tuarascáil mheasúnachta ó IPCC, Lúnasa, 2021).
Braitear éifeachtaí an athraithe aeráide cheana féin, éifeachtaí nach féidir linn neamhaird a dhéanamh díobh a thuilleadh. Bheadh tuilte, tinte, triomaigh agus hairicíní rialta, tromchuiseacha i ndán dúinn dá dtiocfadh méadú de 1.1° go 1.3° Celsius ar theocht an domhain, i gcomparáid le teocht na tréimhse inar ceapadh an t-inneall gaile. Sa lá atá inniu ann, ní féidir neamhaird a dhéanamh de thionchar an athraithe aeráide ar ár saol laethúil. Fiú má bhainimid amach sprioc Chomhaontú Pháras an téamh domhanda a theorannú go 1.5° Celsius, ní féidir linn an tionchar a bheadh ag an athrú aeráide ar an domhan a shamhlú. Níl aon amhras ach go bhfuil todhchaí ár bpláinéid i mbaol agus nach bhfuil sé de rogha againn ach gníomhú chun beart a dhéanamh de réir ár mbriathair.
Ní leor astaíochtaí a laghdú, fiú má dhéanfar é sin ag ráta níos tapúla. Ní mór dúinn infheistíocht mhór a dhéanamh chun pleananna éigeandála a ullmhú agus chun oiriúnú don aeráid atá ag athrú. Chuige sin, tá gá lenár ndearcadh a athrú: cruthófar le hinfheistíochtaí an lae inniu buntáistí don chéad ghlúin eile. Go deimhin, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh, trí acmhainní airgeadais inbhuanaithe méadaithe agus le tacaíocht ó ghealltanais láidre na n-údarás poiblí, na ngnólachtaí, na sochaí sibhialta agus na saoránach. Is gnéithe riachtanacha agus práinneacha iad an Comhaontú Glas don Eoraip agus an pacáiste ‘Fit for 55’. Ina theannta sin, ní mór don Aontas...