Léas dóchais don samhradh

A chairde,

Tá an samhradh linn agus tá i bhfad níos mó dea-scéalta againn ná mar a bhí an tráth seo anuraidh. Faoi dheireadh mhí Iúil, ba cheart go mbeadh dáileog amháin de vacsaíní COVID-19 faighte ag beagnach 70 % de dhaoine fásta san Aontas. Is féidir taisteal a dhéanamh, cé go bhfuil sé casta fós. Tá dlús curtha le seoladh an chiste téarnaimh NextGenerationEU.

I mí Iúil, is gnách tús a chur le hUachtaránacht nua ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. An uair seo, is faoin tSlóivéin a bheidh an cúram agus tá súil ag CESE a bheith ag obair i ndlúthchomhar léi i rith na sé mhí sin. Beimid ag obair ar thuairimí taiscéalaíocha a d’iarr an Uachtaránacht, ag díriú ar ábhair amhail foghlaim aosach, digitiú cuimsitheach agus slabhraí bia cothroma. Tá súil againn freisin go bhfágfaidh an staid eipidéimeolaíoch gur féidir linn roinnt imeachtaí i bpearsa a eagrú sa tSlóivéin chun an leas is mó is féidir a bhaint as deiseanna líonraithe.

Cé go bhfuilimid ar bís chun imeacht ar saoire, tá imeachtaí an fhómhair á bpleanáil againn fós. Tá sé ar cheann dár dtosaíochtaí páirt a ghlacadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. I mí Mheán Fómhair, cuirfimid tús lenár ngníomhaíochtaí ar an leibhéal áitiúil i mBallstáit uile an Aontais. Eagróidh ár gcomhaltaí, i gcomhar le heagraíochtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na sochaí sibhialta, roinnt pléití. Is é an aidhm atá ann éisteacht leis an tsochaí shibhialta ar an leibhéal áitiúil agus a hionchur a áireamh san Insint Nua ar an Eoraip. Táimid ag súil go mór leis na malartuithe tuairimí sin, mar is cinnte go dtiocfaidh an iliomad smaointe úrnua astu.

Tosaíocht eile do mhí Mheán Fómhair is ea faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chiste NextGenerationEU – go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Beidh ról lárnach anseo ag ár líonra ollmhór cleachtóirí atá ar an eolas faoi chúrsaí ar an láthair i ngach ceann de na 27 mBallstát. Is mian linn seoladh an chiste a dhéanamh níos rianúla fós trí bhacainní a shainaithint agus trína thabhairt le fios cad tá ag obair go breá agus cad iad na feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh.

Sula dtarlóidh sin uile, ba bhreá liom sos samhraidh iontach a ghuí oraibh uile, a chairde, ina gcaithfidh sibh tamall deas leis an teaghlach agus le cairde. Agus na srianta atá ann fós á n-urramú, ligigí bhur scíth agus bainigí taitneamh as na gnáthrudaí beaga atá ceadaithe diaidh ar ndiaidh arís tar éis daoibh míonna fada a chaitheamh ag streachailt le hiarmhairtí fíordhíobhálacha na paindéime.

Christa Schweng

Uachtarán CESE