A bhuí le hobair dhochloíte chróga na n‑iriseoirí, na ngrianghrafadóirí agus na gceamaradóirí a théann chuig áiteanna nach féidir linne dul, is féidir linn na heachtraí tragóideacha atá ag titim amach san Úcráin a fheiceáil lenár súile féin.

Sheol duine acu siúd, an grianghrafadóir Polannach, Sławek Kamiński, grianghraif chugainn ón teorainn idir an Bhealarúis agus an Pholainn, ó chathair Rzeszów sa Pholainn agus ón teorainn idir an Pholainn agus an Úcráin in Medyka-Szeginie.

Inniu, táimid ag foilsiú an dara ceann ón teorainn idir an Pholainn agus an Úcráin. Gabhaimid buíochas leis as na heachtraí sin a léiriú dúinn. (ehp)

Grianghraf: Sławek Kaminski/GW