European Economic
and Social Committee
Seasaimid go dlúth le muintir na hÚcráine
A léitheoirí dile,
Ag an am tragóideach seo, agus fogha míleata tugtha ag an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin, seasaimid go dlúth le muintir na hÚcráine.
Le linn an tseisiúin iomlánaigh i mí an Mhárta, bhí tionchar an-chorraitheach ag ionadaithe shochaí sibhialta na hÚcráine agus na Rúise ar an díospóireacht de dheasca an taithí pearsanta atá acu féin ar an gcogadh. ‘Ní hamháin gur fogha míleata faoin Úcráin é an cogadh seo, ach coir i gcoinne na sibhialtachta atá ann freisin’, a dúirt Anatoliy Kinakh, Uachtarán Chomhairle Shóisialta agus Eacnamaíoch Náisiúnta Thríthaobhach na hÚcráine. Chuaigh an méid a dúirt sé i bhfeidhm go mór ar na comhaltaí agus ar na haíonna sa seisiún iomlánach.
Thacaigh comhaltaí an Choiste leis an rún ‘An cogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige’, léirigh siad a ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus leag siad béim ar ról na sochaí sibhialta ó thaobh cúnamh a thabhairt do mhuintir na hÚcráine agus do na dídeanaithe.
Tá an ghéarchéim dídeanaithe is mó ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann ag bagairt anois ar an Eoraip. Laistigh d’aon mhí amháin, b’éigean do 3.5 milliún dídeanaí, 1.8 milliún páiste ina measc, teitheadh as an tír. Mar sin féin, seasann an Eoraip le pobal na hÚcráine, agus tá beart á dhéanamh aici de réir na dlúthpháirtíochta.
Ó thús an chogaidh, tá cineáltas as cuimse á dhéanamh orthu siúd a theith as an Úcráin, cineáltas ar léiriú speisialta é ar an dlúthpháirtíocht, an aontacht agus an altrúchas.
Seasann an tsochaí shibhialta le muintir na hÚcráine. Tá an tsíocháin agus an tslándáil do chách á gcosaint ag pobal na hÚcráine. Níl teorainneacha ag baint leis an tragóid dhaonna seo; baineann sí linne go léir.
Tá beart a dhéanamh de réir a bhriathair ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, coiste a dhéanann ionadaíocht don tsochaí shibhialta eagraithe. Tá rún daingean ag ár gcomhaltaí agus ag a gcuid eagraíochtaí féin cabhair a thabhairt do dhídeanaithe na hÚcráine ar gach slí is féidir, agus tá ag éirí thar cionn leo déanamh amhlaidh.
Tá leathanach gréasáin speisialta atá dírithe ar an Úcráin cruthaithe againn: https://www.eesc.europa.eu/en/initiatives/eesc-ukraine, áit ar féidir leat an obair agus na tionscnaimh a fheiceáil atá á gcur i gcrích ag ár gcomhaltaí agus ag a gcuid eagraíochtaí sochaí sibhialta féin.
Cillian Lohan, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE