European Economic
and Social Committee
Beart práinneach ar son na haeráide faoina stiúir féin á éileamh ag eagraíochtaí sochaí sibhialta ó 27 mBallstát an Aontais
Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE
D’éiligh eagraíochtaí sochaí sibhialta ó gach cearn den Eoraip, agus iad i láthair ag comhdháil i bPáras, aistriú aeráide agus fuinnimh cóir cothrom cuimsitheach a mbeidh na saoránaigh, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus, thar aon dream eile, daoine óga páirteach ann.
Dar leo, ní éireoidh leis an athrú ó bhonn atá ag teastáil murab ann don idirphlé, don chomhar agus don chomhordú ar gach leibhéal, de bhreis ar infheistíocht ollmhór in ullmhú na bpleananna éigeandála agus san oiriúnú don athrú aeráide agus don aistriú fuinnimh. Ba cheart acmhainní airgeadais inbhuanaithe a mhéadú, agus tacaíocht lena n‑aghaigh i bhfoirm gealltanais láidre ó údaráis phoiblí, ó ghnólachtaí, ón tsochaí shibhialta agus ó na saoránaigh, a mhéadú, agus ba cheart an fuinneamh inathnuaite inacmhainne arna ghiniúint sa bhaile agus an t‑ídiú éifeachtúil a chur chun cinn freisin.
Reáchtáil an Grúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE comhdháil hibrideach ar ‘An tAthrú Aeráide agus an tAistriú Fuinnimh’ an 2 Márta in Académie du Climat. Tugadh aghaidh lena linn ar na gnéithe ilchineálacha idirghaolmhara a bhaineann leis an ábhar, lena n‑áirítear na gnéithe sóisialta agus geopholaitiúla, ról na fógraíochta agus seasaimh na saoránach, chomh maith le bearta áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha.
Ba é Séamus Boland, cathaoirleach an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’, a chuir tús leis an gcomhdháil. Leag sé béim ina chaint ar a phráinní agus atá sé beart éifeachtach a dhéanamh ar son na haeráide agus an aistrithe fuinnimh, go háirithe i bhfianaise Thuarascáil an Phainéil Idir‑Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide sna Náisiúin Aontaithe, rud a cuireadh i láthair mar chuid thánaisteach den chomhdháil. ‘Ceist phráinneach is ea an t‑athrú aeráide agus an t‑aistriú fuinnimh, ceann a bhaineann linne go léir. Dála cheist na síochána, ár dtodhchaí choiteann atá i gceist leis seo. Na luachanna atá againn agus ár ndaonnacht féin atá i gceist. Dá bhrí sin, ní mór dúinn an dúshlán a thabhairt, fiú amháin ag an tráth trioblóideach seo,’ a dúirt sé.
Leag an tUasal Boland béim freisin ar ról ríthábhachtach na sochaí sibhialta ó thaobh dlús a chur leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú dó, agus an obair sin a choinneáil ar bun i measc na saoránach agus na bpobal éagsúil. Tharraing sé aird ar an méid seo a leanas …
Tuilleadh eolais: tá an phreaseisiúint iomlán maidir le comhdháil an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ le fáil ar: Beart práinneach ar son na haeráide faoina gcoimirce féin á éileamh ag eagraíochtaí sochaí sibhialta ó 27 mBallstát an Aontais | Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (europa.eu)
Tá an cur i láthair a thug gach duine de na haoichainteoirí agus grianghraif le fáil ar: An tAthrú Aeráide agus an tAistriú Fuinnimh | Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (europa.eu)