Le Stefano Mallia, Uachtarán Ghrúpa na bhFostóirí in CESE

Mar a scríobh Leo Tolstoy ina shárshaothar War and Peace ‘is inár gcodladh atáimid go dtí go dtitimid i ngrá!’

Ba cheart do Vladimir Putin obair a chomhthíreach a léamh chun tuiscint a fháil ar an staid reatha. Cé go bhféadfadh sé go raibh an Eoraip ina codladh nuair a rinne an Rúis an Chrimé a ionghabháil, is mór-roinn aontaithe í inár tharla dhá chogadh domhanda agus ní fhanfaidh sí ina codladh i bhfad eile.

Agus sin mar a tharla sé: thit an Eoraip i ngrá leis an Úcráin agus dúisíodh í. Is éard atá feicthe againn le laethanta beaga anuas mór-roinn atá ag titim i ngrá le tír. Tír a throideann in aghaidh ionsaithe agus ar son a féinchinntiúcháin, a saoirse agus a luachanna daonlathacha.

Díreach tar éis don Rúis tús a chur leis an ionradh ar an Úcráin, ghlac an tAontas bearta nach bhféadfaí a shamhlú cúpla mí ó shin. Leis an gcogadh san Úcráin, léirítear daonnacht an Aontais agus a shaoránach. Tá tús áite á thabhairt acu don tsaoirse agus don tsíocháin ar a gcuid leasanna féin agus ar an trádáil.

Gan mhoill, rinne an tAontas an pacáiste smachtbhannaí is mó a ghlacadh ó bunaíodh é, a chuirfidh isteach ar chóras airgeadais, tionscail ardteicneolaíochta agus scothaicme éillitheach na Rúise. Luífidh tionchar na smachtbhannaí sin go mór ar gheilleagar na Rúise agus ar an gCreimil. Beidh geilleagar na hEorpa thíos leo chomh maith.

Tá múscailt na hEorpa le tabhairt faoi deara ar fud an speictrim beartais. Más mian leis an Eoraip leanúint de bheith ag maireachtáil faoi shíocháin, ní mór di beartas eachtrach agus comhbheartas cosanta láidir a fhorbairt. Oscailt súl dúinn is ea an cogadh seo ar ár mor-roinn.

Chun leanúint de bheith ag cur leis an bhfís atá aici, bhí sé de dhíth ar an Eoraip a mian go mbeadh síocháin ann a athaimsiú. In ionad deighilt a chruthú san Eoraip, is éard atá déanta ag Putin ná muid a thabhairt le chéile chun an fhís sin a bhaint amach.

Is féidir an t-alt iomlán a léamh anseo: https://timesofmalta.com/articles/view/the-awakening-of-a-new-europe-stefano-mallia.938838 (dv/kr)